Sunday 1 June 2014

Mo ghrá thú, Iománaíocht!

Bhuel a cairde, táim fós sceitimíneach tar éis an cluiche sin! Tá súil agam go mbeidh níos mó cluichí mar sin níos déanaí sa chraobh ionas go mbeidh na leaids i Sasana agus a leithéid ábalta spóirt den scoth mar sin a fheiscint ar Sky!
Íomhá iontach do Nicky Quaid ag an fheadóg deireadh
Mar is ghnáth, tháinig Luimneach isteach sa chluiche le craiceann ar tine acu agus thóg sé go leor am ar Tiobraid Árann teacht isteach sa chluiche. Ach le sin, measaim go rabhadar níos sásta ná fhir TJ Ryan ag an mbriseadh toisc go raibh said cothrom gan mórán déanta acu. Coiméad Bonnar Maher iad sa chluiche ag an bpaointe sin le chúl luath mar freagra ar an chúl splódrach a fuair Shane Dowling ó liathróid marbh. Bhí cluiche iontach tríd is tríd ag James Ryan agus bhí sé mar pillín lainse do Luimneach i lár na páirce. Bheinn díomach le Luimneach toisc nách bhruaigh siad ar aghaidh ag an bpaointe sin le cúilíní ó Hannon agus Dowling ach ní mar a bhí sé.
Shane Dowling - Cluiche iontach aige inniu
Chun a bheith macánta, níor cheap mé go mbeadh Luimneach ábalta an luas a choiméad suas agus nuair a fuair Gearóid Ryan cúl, dhá nóimead tar éis tús an dara leath, bhíos ag rá liom féin 'sin é'. Bhí Luimneach tar éis cúpla liathróid amadach a chuir ar fóraoil agus bhí Tiobráid Árann ag dul go maith. Bhí Dónal Ó Grady inspiorádach mar captean agus tar éis do Dowling puc saor eile a chuir thar an trasnán, tháinig píosa imirt álainn a thánaig chun deireadh le Donal O'Grady ag cur an sliotar thar an trasnán ó fad uafásach. Díreach tar éis sin a dhéanamh, chuir sé Luimneach chun cinn le cúilín eile.

Cabhraigh cúl ón fhear seo, Gearóid Ryan le cúrsaí TÁ
Gach uair a fuair foireann amháin scóir, gheobhfaidh an foireann eile scóir chomh maith. Ní thuigim cén fáth go dtógann Noel McGrath na puc sleasa go léir nuair, chun an fhírinne a rá, is beag ceann a théann thar an trasnán. Ceapaim tar éis an dara ceann a chuir ar fóraoil, go ndéarfaidh an bainistaíocht 'chuir isteach sa líne lán tosaigh é' nó 'féach amach don fhear saor'. Is imreoir den scoth é Noel McGrath agus is féidir leis iad a chuir thar an trasnán ach nuair a théann siad ar strae, is cur amú iad.

Chuir Noel McGrath cúpla cúilín amú ó pucanna sleasa 
Ar aon nós, chuaigh Tiobraid Árann chun cinn le cúpla scóir deasa ó Gearóid Ryan agus Noel McGrath, sular tháinig an laoch Lar Corbett isteach do James Barry. Le deich nóiméid le dul, bhí Tiobraid Árann chun cinn le farasbarr dhá cúilín. Tar éis cúilín ó Lar, bhain Graeme Mulcachy an chúl amach, ach le cinne coinspóideah ó Barry Kelly, níor ceadaíodh é. Nuair a d'fhéach sé go raibh an cluiche seo thart, sheas buachaillí Luimnigh suas chun an phláta agus cé eile ach Shane Dowling. Muna fheiceann tú ar aon rud eile anocht, féach ar buachphaointí The Sunday Game ar RTÉ 2 ag 9.30i.n. chun an chúl sin a fheiscint. Dochreidte!
Filleadh Lar Corbett i ngeansaí TÁ 

Gach rud cothrom arís agus bhí deis ag Shane Bourke do Tiobraid Árann ach chuaigh sé ar stré. Lig sé sin deis do ionadaí Luimnigh, Tom Ryan laoch a dhéanamh dó féin agus bheilt sé ceann thar an trasnán chun Luimneach a chuir chun cinn. Dhein Séamus Hicky deimhin de sin le cúilín eile agus mar sin, tá Luimneach fós mar seaimpíní na Mumhan. Thaispéain an dhá foireann scil agus croí le Luimneach beagáinín níos deise faoi dheireadh. Scór deireanach ná Luimneach 2-18, Tiobraid Árann 2-16

No comments:

Post a Comment