Monday 23 February 2015

Sraith Iomána Allianz, Babhta 2, 2015.

Deireadh seachtainne eile thart ins an Sraith Náisúinta Allianz agus bhain mé an-taitneamh as. Oíche Dé Satharn, chuaigh lucht leanúna Chorcaí go Páirc Uí Rinn ag súil le i bhfad níos mó ós na hiománaithe atá cois Laoi. Bhíomar sásta leo mar go raibh siad ag feidhmiú i bhfad níos deise agus bhí sé sin léirithe ar clár an scóir. Fós tá go leor áiteanna le haghaidh tuilleadh feabhas. Fuair an Clár cúlíní go han-bhog ar fad uair nó dhó ach tríd is tríd, bhí Corcaigh i bhfad níos fearr ná mar a bhíodar in aghaidh na Cait. An Clár ar an taobh eile, ní rabhadar ábalta coiméad suas le imirt tapaidh dian Chorcaí agus anois tá siad in áit deacair le ganntanas mór paointí. Beidh siad ag teacht suas in aghaidh an trí fhoireann is láidre, i mo thuairim, anois; Baile Átha Chliath, Tiobraid Árann agus Cill Channaigh agus beidh sé deacair go leor orthu na paointí sin a fháilt ar ais.


D'fhéach mé ar Baile Átha Chliath i gcoinne Cill Channaigh ar TG4 ar an Domhnach agus bhíos lán sásta leis an chéad leath, Bhí sé crua, drámatúil agus bhí déine mór ag baint leis an gcluiche. Bhí  tine craiceann ag na Dubs ón dtosach agus sular bhfad bhíodar tar éis 8 cúilín a fháilt. Ach, mar is féidir leo a dhéanamh arís is arís, fuair Cill Channaigh cúl as faic. Go tobann ní raibh ach cúpla scóir idir eatharu ach d'aistigh sé sin go léir nuair a fuair John Joe Farrell cárta dearg an-chonspóideach. Ní féidir liom ciall a dhéanamh don cárta sin, cosúil leis an mórlacht a bhí ag féachaint air. Bhí Cill Chainnaigh  leamh ón bpaointe sin agus bhí am sa chluiche agus cheap mé go raibh bua mór le teacht ó BÁC. Bhí lucht na gCait ag fáilt bréan de fiú amháin agus bhí siad le cloisint ón slua ag gearáin faoin liathróid amaideach a bhí ag teacht ó na cúlaithe. Ach arís, mar atá déanta acu arís is arís, fuaireadar dhá cúl agus cúpla cúlín agus bhíodar go mór mhór istigh le seans arís. Ach ní raibh na Dubs chun a bheith buailte agus bhuadar le cúig cúlín le spáráil, scórlíne a bhí go deas go Cill Chainnaigh. 

Tar éis an dráma go léir idir BÁC agus CC, bhí tuirse orm faoin am gur thosnaigh an cluiche idir Gaillimh agus Tiobraid Árann ar TG4. Arís ní raibh an dhá fhoireann thar barr ach bhí scóireanna deasa sa chluiche. Is dóigh liom go raibh puc amach tuillte ag an Gaillimh nuair a thug Seamus Callinan sonc sa dhroim do ceann dos na cúlaithe díreach roimh an cúl a fuair sé. Ach é sin ráite, bhí deiseanna ag an Gaillimh an cluiche a bhuachaint agus níor thógadar é, ag cur liathróid ar seachaí go haimaideach agus mar sin de. Tar éis do Tiobraid Árann an bua a fháil fágann sé cothromaíocht deas sa tábla mar go bhfuil gach fhoireann ar dhá phaointe seachas BÁC atá tar éis ceithre paointe a fháil le dhá bua as a chéile agus an Chláír nách bhfuil aon paointí acu tar éis dóibh dhá chluiche as a chéile a chiallúint. Féach an tábla shíos le haghaidh tuilleadh eolas. 

Foireann
Paointí
Difríocht Scórála
Baile Átha Chliath
4
+17
Corcaigh
2
+8
Cill Chainnaigh
2
-3
Gaillimh
2
-3
Tiobraid Árann
2
-8
An Clár
0
-11

Sin a bhfuil uaim le haghaidh t-seachtain eile. Lean mé ar Twitter nó fág 'comment' sa bhosca shíos. GRMA! 


No comments:

Post a Comment