Monday 26 May 2014

Corcaigh agus Port Láirge

Dia Dhaoibh a chairde! 

Cad is féidir a rá faoi Chorcaigh agus Phort Láirge? Cosúil leis na cluichí go léir atá na dhá foireann seo tar éis imirt le roinnt bhlian anuas, ní riabh faic idir eatartu ag deireadh an cluiche. Bhí tús splódrach ag Port Láirge chun an ceart a thabhairt dóibh agus ní raibh ach trí cúilín ag Corcaigh san chéad fiche nóiméid. D'imir Corcaigh i bhfad níos fearr i gcoinne Tiobraid Árann agus tá ceisteanna ag muintir Chorcaí maidir le Cian McCarthy agus Pa Cronin. Ceapaim nách raibh an t-adh le Conor Lehane agus tá sé cothrom a rá gur thaispeáin sé an-chuid scil go dtí gur chuir sé an sliotar ar fóraoíl! 

Tús iontach ag na Déise inné i gcoinne Corcaigh
Bhí cluiche réasúnta ag Aidan Walsh agus lainseáil sé é féin isteach sa spéir chun cúilín den scoth a chuir thar an trasnáin ag paointe ríthabhachtach sa chluiche. Bhí Padraig O'Mahony dochreidte leis an pucanna saor, agus Patrick Horgan mar an gcéanna ag an taobh eile don pháirc. Measaim go raibh tionchar mór ag Michael Walsh ar an gcluiche agus ceapann roinnt daoine go raibh an tadh le Kevin Moran nách cuireadh don pháirc é. Fuair sé cárta buí ag tús an cluiche agus chaith sé a chamán ar Aidan Walsh agus é ag rith tríd le haghaidh an scór atá tagairt déanta agam do cheanna féin. 

Aidan Walsh - D'imir sé cluiche bréa dó féin
Chun a bheith macánta ní dóigh liom go raibh lá ró-mhaith ag Brian Gavin. Thug sé puc saor i gcoinne Damien Cahalane do ghualann, cearnógach, cothrom; scil atá in easnaimh san CLG faoi láthair. Comh maith le sin, bhrúigh duine dos na cosaintóirí ó Phort Láirge Alan Cadogan isteach sa talamh sna nóiméidí deireanach don chluiche agus níor tugadh aon puc saor dó. Measaim nách bhfuil sé ábalta cóiméad suas le luas an chluiche agus mar sin, bíonn a lán rudaí ag tarlúint ó aicsean na liathróide (cé mhéid suncanna a fuair Pat Horgan agus Alan Cadogan sa dhroim?) 

Post deacair ag Gavin ach fós, bhí droch lá aige.
Ag caint ar Alan Cadogan, is dóigh liom go raibh sé an fear leis an méid is mó tionchar aige do Chorcaigh. Le gach liathróid a chuaigh isteach cuige, thaispéian sé dainséir agus ní raibh mórán á dhéanamh mí-cheart aige. Dos na Déise bhí fear nua eile, Austin Gleeson, an-thabhachtach dóibh agus chonaiceamar go raibh a áit tuillte aige ins an geansaí gorm agus bán nuair a scóráil sé an cúl dochreidte sin tar éis dó rith isteach gan aon dúshlán ó cosaintóirí Chorcaí. Fiú amháin go raibh sé cosúil le Deja Vu ó Craobh na hEirinn nuair a chuaigh Gleeson tríd an cosaint comh easca sin. Measaim go bhfuil feabhas tar éis teacht ar cosaintórií Chorcaí. Bhí Shane O'Neill an-neirbhíseach ag tús an cluiche ach thánaig sé isteach sa cluiche, áfach, agus bhí cluiche an-mhaith ag Stephan McDonald agus Christopher Joyce le teagmháil iontach ag an mbeirt acu. D'eirigh go breá le Lorcán McLoughlin agus Mark Ellis chomh maith.  

Tús iontach do gairmréim Austin Gleeson inné
Mar sin, tá roinnt le déanamh ag Corcaigh chun an fhoirm céanna a choinaiceamar anuraidh a fháílt ar ais ach thaispéain siad an-spriod agus carachtar chun an bearna a laghdú ó naoi gcúilín. Beidh díomá ar Phort Láirge nách dhúnadar amach an cluiche nuair a raibh an seans acu, ach níor ghéilleadar nuair a bhí Corcaigh ag dul go maith freisin. Is annamh a feiceann tú ardán an bhaile folamh, de ghnáth bíonn farraige dearg ann ag an am seo den bhliain ach is dóigh liom go mbeidh ardú ar na huimhreacha don athimirt a mbeidh ar súil ar an ochtú lá de Meithimh ar 3.30i.n. 

Slua an-bheag ag an gcluiche inné
Labhair faoi Puc Saor ar Facebook, Twitter, etc! Usáid an hashtag #PucSaor :) GRMA!

Foclóir:
  • Tús splódrach = Explosive start
  • lainseáil = Launched
  • tagairt = reference
  • cearnógach, cothrom =square, fair
  • ó aicsean na liathróide = off the ball
  • áfach = however
  • teagmháil = however
  • níor ghéilleadar = they did not give up
  • Ardán an bhaile = Town End Terrace



No comments:

Post a Comment