Monday 30 June 2014

Nuacht na Seachtainne 30/06/14

Dia Dhaoibh a chairde agus fáilte go dtí seachtain eile ar Puc Saor. 

Deireadh seachtainne lán eile a bhí ann le Craobh Comórtas Laighin ag tógaint lár na stáitse. Bhí an ath-imirt idir Cill Ceannaigh agus Gaillimh faoin solas toisc nách raibh éinne chun é a craoladh ar an dteilifís. Ar ndóigh bhí an-díoma ar daoine nách mbeadh abálta an chluiche tabhachtach seo a fhesicint. Níl ach spás do fiche míle i bPairc Uí Chonchobhair agus is méid an-bheag é sin nuair nách bhfuil an cluiche ar teilifís. Ar aon nós...
D'fhan an laoch seo amuigh ar an bpáirc ar feadh 40 nóiméid leis an lucht leanúna. 
Bhí roinnt fir nua ar an dhá foireann agus tháinig Tommy Walsh, Brian Hogan agus Aidan Fogarty isteach ar foireann Cill Ceannaigh. Is rud mór é gur féidir le Brian Cody fir comh maith leo súid a thabhairt isteach le haghaidh cluiche tabhachtach. Bhí tús splódrach ag TJ reid agus lastigh do chaoch na súile bhí 1-1 ag an bhfear ó Baile hÉil. Ach nuair is féidir na Cait é a dhéanamh ag taobh amháin, bhí Jason Flynn ábalta an líóntán a bhualadh ar an taobh eile. Níor ghéill Cill Ceannaigh agus bhíodar i suíochán an tiománaí ag leath ama nuair a chuadar isteach dhá phaointe chun tosaigh, 1-11 go dtí 1-9. 

Tommy Walsh.. Ard-fhear!
Ní raibh mórán chuir isteach ag Joe Canning chun a bheith macánta agus bhog Anthony Cunningham é go dtí taobh na cearnóga tar éis leath ama. Ach ansin tháinig buille maraithe na muice nuair a thóg Aidan Fogarty seat ón talamh chun an sliotar a chuir taobh thiar do Colm Callanan. Bhraith tú go raibh Cill Ceannaigh chun tiomáint ar aghaidh ansin. Le cúlíní ó TJ Reid agus Richie Hogan ní raibh rudaí ag dul ró mhaith dos na Gaillimhigh. Bhí Conor Cooney ag coiméad an Gaillimh sa chluiche agus tar éis do Joe Canning puc saor ón fiche a haon a chuir ar fóraoil, bhí Cooney rí-thabhachtach don Gaillimh. Ag droidim i dtreo deireadh an cluiche ní raibh ach ceithre cúlín idir eatarthu ach is iad Cill Ceannaigh a fuair an cúl nuair a bhí sé ag teastáil ón nGaillimh ó TJ Reid a raibh dochreidte don oíche ar fad ag críochnú an cluiche le 2-11. Bogann Cill Ceannaigh ar aghaidh go dtí Cluiche Craoibhe Laighin i gcoinne Báile Átha Chliath agus is cluiche é sin go bhfuilim ag súil go mór leis. Comh maith le sin, tá cluiche eile suimúil idir an Gaillimh agus Tiobraid Árann ins an chéad babhta dos na babhtaí cáilithe. Deacair a rá cé a mbeidh an bua acu sna dhá cluichí sin, cad a ceapann tusa? Abair liom anseo, anseo nó anseo! 

Conor Cooney príomh-fhear na Gaillimhigh inné
Sna cluichí eile, d'imir Laois agus Port Láirge i gcluiche cáilithe agus bhí bua éasca ansin acu. Bhí briseadh croí in ann do Aontroim nuair a chuir David Kenny an sliotar i líontán Aontroime in am cúitimh gortaithe tar éis do Jamas McGrath puc saor isteach a thabairt do Uibh Fhaillí nách comhair go mbeadh aon puc saor ann! Bua maith do Uibh Fhaillí agus ceann a raibh ag teastáil go géarr uatha ach fós, braithim an-brónach d'Aontroim. Tá an spórt abálta tú a ghortú i go leor slithe. 
Conor McKinley ag coiméad suas le Conor Mahon inné. 
I nuacht eile, táim díreach tar éis 'Fields of Fire' ó Damien Lawlor a ceannach (tá tairiscint i Easons faoi láthair) agus beidh mé ag déanamh léirmheas ar comh luath agus atá sé léite agam. 


Ná dein dearmad go mbeidh pictúírí na seachtainne ag teacht i gceann tamalín agus go bhfuileamar ar Facebook agus Twitter comh maith.

GRMA!

No comments:

Post a Comment