Tuesday 3 June 2014

Pictúirí na Seachtainne

Tar éis gach deireadh seactainne, teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo ó SportsfileInpho agus GAA.ie. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh, chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter. 

An Pictiúir is deise ón deireadh seactainne- Ar an slí abhaile ó Comórtas Peile na Gaeltachta, stop an mbus ina raibh foireann peile CLG Naomh Columba ó Dún na nGall chun cabhrú le feirmeoir a chuid mhóin a casadh! Maith sibh a bhuacaillí!
Seo iad na buachaillí tar éis an post a bheith críóchnaithe acu. @CLGNaomhColumba
Pínós sábhálta ag foireann Cill Dara i gcoinne An Mhí sa chomórtas Chrisy Ring 
Seampíní Comórtas Peile na Gaeltachta 2014 - Captaen Chill Chartha Marc Mac Aoidh leis an gcorn
Ní bhíonn obair na mná críochnaithe riabh! Mná i Maigh Chuilinn ag eagrú an glanadh suas tar éis deireadh Comórtas Peile na Gaeltachta
Faigheann Liam Óg McGovern an cúigiú cúl do Loch Gormain. 
Tabhacht Craobh na Mumhan le feiscint in aghaidh Séamus Hickey tar éis Luimneach an bua a fháil ar Tiobraid Árann
Déantar dearmad ar roinnt contae nuair a labhraítar faoi paisean. Tá go leor de le feiscint i gcorp Eoin Reilly tar éis an caillúint cung i gcoinne na Gaillimhe. 


No comments:

Post a Comment