Monday 16 June 2014

Gan Nash, gan fadhb!

Dia dhaoibh a  chairde, 
Nuair a bhí mé i mo shuí san Ardán Nua inné, cúpla nóiméad roimh tosach an cluiche, bhíos ar nós imreoir mar go raibh an méid sin féileacháin i'm bholg. Bhí ar Corcaigh an cluiche seo a bhuachaint. Muna raibh siad chun buachaint ar an gClár arís, buille síceolaíochta olc a bheadh ann.
Go dtí seo, ón céad lá a d'imir Corcaigh i gcoinne an Chláir, bhí atmaisféar olc, smachtach ann. Ní raibh na tacadóirí ag béiceadh comh hard sin agus ceapaim go raibh beagánín eagla ar Muintir Chorcaí roimh an Chláir. Ach, d'athraigh sé sin inné. Comh luath agus a thánaig Corcaigh amach ar an bpáirc, bhí béic ollmhór agus bhí an atmaisféar tar éis 'fever pitch' a scroicheadh. Bhí mothúcháin ag muintir Chorcaí go rabhamar chun an cluiche seo a bhuachaint. 
Lucht Leanúna Chorcaí ag baint taitneamh as an gcluiche. 
Thosnaigh Corcaigh maith go leor. Nior chuaigh an Chlár chun tosaigh ró mhór ach bhí roinnt puc saor amadacha a ghéilleadh ag Corcaigh. Bhí Colin Ryan ábalta an chuid is mó dos na pucanna sin a chuir thar an trasnán go heasca agus bhí ar Corcaigh a bheith níos smachtaithe sna cúlaithe. Bhí Patrick Horgan ag scóiréail don spraoi ón liathróid marbh agus thug sé pas deas go dtí Daniel Kearney chun scóir eile a aimsiú. Bhí Séamas Harnedy á tharraingt síos ag buachaillí an Chlár agus thánaig 1-4 ó calaoisí a dhéanadh air. Bhí Davy Fitzgerald ag gearáin faoi an méid pucanna saor a fuair Corcaigh ach is cinnte go raibh uair nó dhó go raibh sunc sa dhroim nó geansaí á tharraingt agus ní raibh aon puc soar. De ghnáth, tagann cothromaíocht ar na rudaí seo sa chluiche go nádurtha agus ní dóigh liom go raibh cúis cuí aige don ghearáin. D'fhéach na tosaithe ó Chorcaigh dainséarach inné agus seachas scóir a ghéilleadh go díreach, dhein na cúlaithe calaois agus bhí Horgan ag canadh. Bhí Corcaigh níos fearr agus chun a bheith macánta, táim braon do Davy ag caint sna nuachtáin agus sna hagallamh agus ag rá 'Níl aon leithscéal, ach...'. Níl mórán cleas aige. 

Davy Fitzgerald le roinnt gearáin inné
Dúirt mé sa phost deireanach go mbeadh ar Corcaigh an líóntán a aimsiú ionas go mbuafaidh siad an gcluiche agus dhein Patrick Horgan é sin le stíl. Ní raibh mórán daoine ag súil leis an gcéad ceann agus raidhfil sé é isteach sa cúinne go tobann. Gan Nash, gan fadhb! Bhíos an tógtha le Horgan, go raibh an muinín aige tar éis an caint go léir faoi Nash, chun an seat sin a thógaint. Dúírt JBM tar éis an cluiche go raibh socrúcháin idir é féin agus Nash go raibh Patrick chun é a thogaint dá mbeadh sé ag braithint go maith faoi. Thánig deis eile do Horgan nuair a tharraing Brendan Buglar Harnedy chun talamh. Sheas Horgan suas agus cheap mé go raibh sé an liathróid a thógaint ró-fhada amach ach, cúl do Corcaigh! Buille marbhach i mbarr an líontán. Tá an-bhuille ag Horgan ach, b'fhearr liom dá mbeadh Nash agus Horgan ag roinnt na pucanna sin, chun píosa iontais a coiméad leis na cúlaithe ón fhoireann eile. 

Patrick Horgan; dochreidte inné
Domsa, bhí sé idir Aidan Walsh agus Daniel Kearney do Laoch na hImeartha. Bhí an bheirt acu rí-thabhachtach i mbua na Corcaíoch inné. Bhí Aidan Walsh ábalta an liathróid a fháil ghlan nó bhí sé á mbriseadh síos do na himreoirí eile agus bhí Kearney ag scuabadh suas gach liathróid scaoilte. Ní hamháin sin ach fuair Walsh cúilín inspiorádach faoi bhun an Ardán Nua agus bhí an dhá chúilín a scóireáil Kearney roimh an pínós na buillí a chuir an Chláir chun leabaidh. 

Aidan Walsh ag taispéaint a neart
Mar sin, i bhfad níos fearr ó na Reibiliúinigh, go háirithe sna cúlaithe. Ní raibh siad comh scaoilte agus a bhíodar i gCraobh na hÉireann agus fiú amháin go ligeadar dhá chúl amadach isteach, bhíodar ag obair go maith le chéile. Bhí gach duine acu tabhachtach, Joyce ag coiméad Tony Kelly ciúin, agus Stephen McDonnell le cluiche iontach. Tá súíl agam nách bhfuil Mark Ellis ró-ghortaithe mar is é súíd an freagra dos na ceisteanna a bhí ann anuraidh. Bhí sé ait go leor nách bhfuir Horgan, Harnedy, Cronin nó Cooper aon cúilín ón imirt ach ceapaim gur thainig a lan cúílín ó pucanna saor a bhí tuillte ag na leaids sin. An céad lá eile? Cluiche Craoibhe na Mumhan, an cluiche deireanach i sean Stáíd Páirc Uí Chaoibh i gcoinne an dream a fuair an bua ortha anuireadh. Tá sé ar nós cinnúint do Chorcaigh ar an triú lá dhéag d'Iúil. 

Páirc Uí Chaoimh roimh an forbairt nua a mbeidh faoi bhun go luath
Roinn an phost seo le'd chairde ar Facebook nó Twitter ag brú ar na cnaipí shíos. Abair liom ar Twitter (@PucSaor) nó sa bhosca 'comments' cad é do thuairim faoin bpost seo. GRMA! 

No comments:

Post a Comment