Tuesday 17 June 2014

Craobh Comórtas Cúige Laighin

Loch Garman-v-Baile Átha Chliath
Go mí-ábharach níl Sky Sports againn sa bhaile agus mar sin chaill mé amach ar an gcluiche idir Loch Garman agus Baile Átha Chliath ach toisc go bhfuil na buachphaointí ar GAA 2014 gach oíche Dé Luain comh maith sin agus i bhfad níos faide ná na cinn ar The Sunday Game, bhíós ábalta roinnt mhaith don aicsean a fheiscint. Bhí, tá agus beidh an-mheas agam ar Loch Garman. Is iománaithe iontach iad agus gach bliain ní féidir leo iad a díbhe.
Tá tosaithe iontacha acu ar nós Jack Guiney, Podge Doran agus ar nós Rory Jacob. Bhí ag eirí go maith leo agus cabhraigh cúl Podge Doran leo chun brú ar aghaidh níos faide. Ceann dos na botún is mó do Loch Garman ná an méid deiseanna scórála a chuireadar amú. Chuireadar ceithre liathróid ar foraoil ó seatanna boga lastigh don chéad fiche nóiméid. Bhí cluiche maith ag Conal Keaney agus chuir sé a ainm ar an mbileog le cúpla cúlín deas. Bhí roinnt pucanna saor á ghéilleadh ag Loch Garman agus bhí Alan McCrabbe ann chun iad san a chuir thar an trasnán go héasca. Tá áthas orm go bhfuil McCrabbe ar ais i ngeansaí mBaile Átha Chliath mar is iománaí maith é agus bhí sé ann nuair nách raibh BÁC ró cumhachtach ar ais i 2006 nuair a thánaig sé chun cinn ar foireann sinsear na Dubs. Roimh leath amá fuair Liam Óg McGovern an céad cúlín i deich nóiméid d'fhir na Sláine ach chuir Alan McCrabbe ceann eile in airde dos na Dubs chun iad a chuir dhá cúlín chun tosaigh ag leath ama. Chuir Paul Morris dhá laithróíd thar an trasnán tar éis an sos chun rudaí a cothromú ach le cúpla cúlín tapaidh ó Keaney agus McCrabbe, bhí na Dubs cúig chun cinn. Tar éis scóireanna ó Lee Chin agus Paul Morris ní raibh ach cúl idir eatarthu ach ní raibh na Dubs chun stopadh ansin. Chuir David Traecy, Carton agus Paul Ryan cúíg idir na fóirne arís agus tar éis iarracht mhaith ó Loch Garman chríochnaigh sé BÁC 0-22 , Loch Garman 1-14. Téann Loch Garman go dtí na babhtaí cáilíochta comh maith le Aontroim, Tiobrad Árainn, Port Láirge, An Chlár Laois agus Chill Channaigh/An Ghaillimh. Ní bheidh Loch Garman sásta tar éis na deiseanna a chuir siad amú agus beidh siad ag lorg níos mó as imreoirí áirithe don chéad lá eile. 

Laoch na himeartha - Conal Keaney
Chill Channaigh-v- An Gaillimh
Tá na dhá fhoireann seo tar eís an craobhcomórtas a thosnú go han-dhifrúil. Bhí An Gaillimh mar rogha na coitianta i gcoinne Laoise agus geall leis go mbaineadh geit astu. Ar an dtaobh eile, dhein na Cait scrios ceart ar Uibh Fháillí. Ní dóigh liom áfach go mbeidh éifeacht ar an bearna sin ar an gcluiche an Domhnach seo. Tá iompairc sách nua tosnaithe le cúpla bliain anuas ag na dhá fhoireann seo agus bím i gconaí ag súil leis na cluichí seo. Tá sé an deacair an buatóir a roghnú ach ceapaim go mbeidh cluiche maith againn le roinnt cúl le cúnamh dé! Beidh ar Joe Canning a bheith go maith ach ní leor é súid i gcoinne foireann cosúil le Cill Channaigh. Níl Cill Channaigh come láidir agus a bhí, ach fós tá tosaithecosúil le Colin Fennelly, Larkin, Reid agus gan amhras an Rí tar éis traenáil a thosnú arís tar éis a ghortucháin. Ba cheart Joe Canning a imirt amuigh sa pháirc, áit inar féidir leis a rud féinigh a dhéanamh. Beidh Damien Hayes, Niall agus David Burke agus Conor Cooney rí-thabhachtach dos na Gaillimhigh. Cad a ceapann tusa? Cé a dtiocfaidh slán chun Baile Átha Chliath a imirt i gcluiche Craoibh Cúige Laighin? Abair liom ar Twitter nó sa bhosca comments. 

Tá súil agam gur Cluiche maith a bheidh ann!

No comments:

Post a Comment