Thursday 12 June 2014

Corcaigh, Nash agus Ath-Imirt Craobh na hÉireann

Dia dhaoibh a chairde!
Tá orm mo leithscéal a ghabhadh toisc go bfhuil an post seo comh déanach ach táim an-ghnóthach faoi lathair ag obair. Ar aon nós, tósnóidh mé leis an gcluiche idir Corcaigh agus Port Láirge an Domhnach seo caite. Bhíos ag an gcluiche agus caithfidh mé
insint, bhain mé taitneamh as taispéantas na Corcaíoch. Phiocadar suas an taispeántas céad faoin gcéad ón lá roimhe sin agus i ndiadh 15 nóiméad, bhí a fhios agam gurb é Corcaigh an buatóir. Cad a raibh difrúil? Bheul, ar dtús báire, thosnaigh siad an cluiche i bhfad níos fearr ná an cluiche roimhe sin. Bhí Daniel Kearney ag déanamh obair na gcapall ag piocadh liathróidí scaoilte suas agus bhí Aidan Walsh lán áblata pléascadh suas na páirce leis an liathróid ina ghlaic aige. Bhí Patrick Horgan go hiontach (mar is ghnáth) agus is é súid a chuir Corcaigh ar an bóthar ceart. Bhí na cosaintóirí i bhfad níos fearr agus bhí an-chluiche ag Stephen McDonald, Christopher Joyce agus Mark Ellis. Bheinn beagánín buartha faoi an méid ama a bhí an líne lán chúl aonraithe mar dá mbeadh sé sin ag tarlú i gcoinne tosaithe an Chláir, is dóigh liom go mbeadh siad ábalta teacht ar an gcúl go héasca. An rud is mó i gcaipín na Corcaíoch ná an ráta oibre a bhí acu. Bhí fir ag rith i gconaí agus bhí sé níos éasca pas maith a thabhairt. Sa chéad chluiche, bhí roinnt mhaith leaids ag seasamh timpeall agus codlatach ach chuir siad feahas ar an scéal sin an lá faoi dheireadh. Bhí meon aigne difriúil ag Corcaigh agus fiú amháin muna raibh Noel Connors gortaithe sa chead leath, ní dóigh liom go raibh Port Láirge ar an leibhéal céanna. Is foireann sách nua an foireann seo ó Phort Láirge agus tógfaidh sé tamall ortha an oideas ceart a fháil, go nádúrtha.

Patrick Horgan ag coiméad súil ar rudaí go géar!
An rud is coinspóideach ins an cluiche bog ná na cúlbáire, Anthony Nash agus Stephen O'Keefe. Tar éis Pa Croinin a bheith tarraingte chun talamh, thug Johnny Ryan pínós do Chorcaigh agus thanaig Nash suas le béic ón slua. Is radharc é in ndáiríre. Ach ní rabhamar ag súil le cad a bhí le teacht. Comh luath agus a d'ardaigh Nash an liathróid, thánaig O'Keefe amach cosúil le traen agus ní raibh ach fad an-bheag idir eatarthu agus Nash ag bualadh na liathróide. Deireann an riail 4.16 (b) nách féidir leis an gcúlbáire ná na cosaintóirí sa chúl bogadh go dtí go mbualtar an liathróíd agus mar sin, ceapaim gur cóir don pínós a bheith ath-thógtha. Ní raibh Nash ag mbriseadh na riailacha mar glacadh lena chuid stíl ag tús na bliana ach níor fhan O'Keefe ar an líne go dtí go raibh an liathróid buailte ag Nash. Sin iad na fíricí. Ar aon nós, anois, níl cead ag an imreoir teacht lastigh don líne 20 agus is dóigh liom go bhfuil an ceart acu. Bhí sé ag eirí as lámhach agus bhí fhios ag gach éinne i gCorcaigh go cuirfidh siad stop leis go luath. Ceapaim go mbeidh Nash fós á mbuaille agus beidh sé fós an-mhaith chucu ach ceapaim go raibh sé beagánín mícothrom an scil a raibh ag Nash a thógaint uaidh. 
A lán cainte faoin fear seo faoi láthair
Tar éis an caint go léir, beidh ar Corcaigh seaimpíní na hEireann a imirt ar an Domhnach agus ceapaim gur féidir leo an bua a fháil, ag braith ar roinnt rud. Ar dtús báire, beidh ar na cúlaithe imirt as a gcraiceann. Is scóralaí chúil iad tosaithe an chlár agus b'in é an príomh fadhb d'Corcaigh i gcraobh na hÉireann. An dara rud ná beidh ar Corcaigh an díóchracht (intensity) a ardú arís. Ní raibh Port Lairge maith go leor an lá faoi dheireadh agus d'fhéach Corcaigh go maith ach beidh ortha a bheith níos fearr chun an an bua a fháil ar an gClár. Beidh ar gach imreoir teacht suas leis na earraí, go háirthe Pa Cronin. Níl go leor liathróidí ard á mbua aige do fhear mór. Beidh air a bheith i bhfad níos fearr an chéad lá eile nó b'fhéidir nách mbeidh spás dó ar an céad cúígear déag le imreoirí cosúil le Paudie O'Sullivan ag teacht ar ais agus Jamie Coughlan agus Stephen Moylan ag fanacht ar an mbínse. An triú rud ná go mbeidh ar Corcaigh an líontán a aimsiú. Tá easpa chúl sa fhoireann seo agus is ionadh é sin le tosaithe cosúil le Conor Lehane, Patrick Cronin agus Seamus Harnedy. Is dóigh liom an rud is tabhachtaí do Chorcaigh i gcoinne an chlár ná creideamh ionta féin. Bhíodar ach líne gruaige ó corn Liam Mac Carthaigh an bhlian seo caite agus ceapaim go bhfuil siad lán maith go leor chun buachaint ar 'The Banner'. 

Go hiontach Paudie a fheiscint ar ais i ndathanna Corcaí arís.

No comments:

Post a Comment