Monday 23 June 2014

Níos mó iománaiocht agus níos mó drámaíocht - Crobh Comórtas Cúige Laighin

Caithfidh mé a rá, is mór an pléisúir domsa a bheith ag scríóbh faoi iománaíocht nuair atá an méid seo drámaíocht ann! Ní aontaíom le Michael Duignan ag rá go bhfuil Craobh Comórtas iontach againn mar ní dóigh liom go bhfuil ardchaighdeáín iománíochta ann fós. Ach níl dabht ar bith tá flosc ag baint leis mar go bhfuil sé comh oscailte agus is féidir le éinne dul ar aghaidh agus Liam Mac Carthaigh a bhuachaint. Dhá fhoireann a thánig níos gairre don sprioc sin inné ná Cill Ceannaigh agus Gaillimh. 

Aimsir foirfe don chluiche

Ag dul isteach sa cluiche seo, cheap mé go mbeadh an mbua ag Cill Ceannaigh ach go mbeadh sé congarach go leor. Níl Cill Ceannaigh comh láidir agus a bhí toisc go bhfuil roinnt gortúcháin acu agus bhíós ag ceapadh gur seans iontach é seo don Gaillimh an bua a fháilt orthu. Thosnaigh Cill Ceannaigh beagánín níos fearr agus sular bhfad bhí cúig cúlín acu ar clár na scór. Ach thánaig am na Gallimhigh ansin agus le scóireanna ó Conor Cooney agus Niall Burke bhí siad breá abálta cóiméad suas leis an imirt. Tar éis leath uair a chloig, thánig an céad cúl as ocht ó camán Eoin Larkin tar éis droch cinne ó réiteoir Johnny Ryan. Lastigh do cúpla nóiméid, chuaigh an liathróíd thar líne Eoin Murphy go héasca don chéad cúl ón nGaillimh. Gach rud cearnógach ag leath ama, 1-9 go dtí 1-9. Ag an bpaointe seo, cheap mé go raibh an Gaillimh tar éis níos mó liathróid a fheiscint agus ní rabhadar ag déanamh mórán leis agus bhí mé cinnte go mbeadh an bua ag na Cait.

An imreoir is deise ar an bpáirc inné, Riche Hogan. 
Thosnaigh an tarna leath cothrom go leor ach leath slí tríd, d'aimsigh Cill Ceannaigh leibhéil nua agus lastigh do buille na croí, bhí deich gcúlín idir na foirne tar éis cúlín ó TJ Reid, Aidan Fogarty, Tommy Walsh agus Laoch na hImeartha Richie Hogan. Bhí sé deacair samhlú go mbeadh an Gaillimh ábalta teacht ar ais ó seo. Nuair a fuair Conor Cooney an cúl le timpeall seacht nóiméid le dul, cheap gach duine timpeall orm gur cúl sóiláis é ach bhí smaointe eile ag na Gaillimhigh. Le sé cúlín idir eatarthu, fuair Cooney cúl eile chun an bearna a laghdú go dtí trí cúilín agus ansin thánaig an drámaíocht. Tháing Jonathan Glynn isteach do chúl cinnte sular tharraing ceann dos na cúlaithe ó Cill Ceannaigh é chun talún. Sheas Joe Canning suas agus chuir sé sa líóntán é. Gach rud cothrom arís. An raibh an réiteoir chun é a chríochnú? Bhí smaointe eile ag an bheirt iománaí is fearr sa tír. Tháinig an liathroid chuig an Rí tar éis dó rith mhaith a dhéanamh agus comh seolta le cúcamar, sheol sé an sliotar breá réidh thar an trasnán. Cluiche thart.. a cheapamar. Ón bpuc amach, dhein Joe Canning praiseach dó an chéad uair ach cosúil lé aon iománaí don scoth, cóiméad sé a cheann, d'ardaigh sé an liathróid amach ar an taobh líne agus chuir sé an sliotar thar trasnán na gCait. Táím lán cinnte gurb é an meon aigne a coiméad an Gaillimh sa cluiche seo. Níor ligeadar na cinn síos agus mar a dúir Brian Cody, níl aon scóir ró-mhór a bheith chun tosaigh le. Chríochnaigh sé Cill Ceannaigh 3-22, An Gaillimh 5-16.

Laoch na Gallimh - Joe Canning tar éis an cúlín chun rudaí a cothromú in am cúitimh gortaithe
An uair deireanach a lig Cill Ceannaigh cúig cúl isteach ná i gcoinne an foireann céanna i 2005 nuair a bhuaigh an Gaillimh orthu chun dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann i gcoinne Corcaigh. Ní bheidh Brian Cody ró-shásta nách chuireadar An Gaillimh chun leaba ach taispéanainn sé carachtar an Gaillimh agus gur féidir le aon rud tarlú i gcluiche iománaíochta. ba cheart do gach fhoireann troid go dtí an deireadh agus bím crosta nuair a fheicim daoine ag fagaint na páirce le cúig nóiméid le dul. Má íocann tú tríocha euro don ticéid cén fáth go bhfágfadh tú go luath? Ar aon nos sin scéal eile. Táim ag tnúth go mór leis an gcluiche an Sathran seo chugainn mar go mbeidh ar na cailliúnaí imirt in aghaidh Tiobraid Árann sna babhtaí cáilithe (níos mó ar sin níos déanaí). 
An rud is annamh is iontach - Tháinig an Gaillimh ar ais ó a bheth síos deich gcúlín

No comments:

Post a Comment