Monday 2 June 2014

Comórtas Peile na Gaeltachta 2014


Cuireadh tús le cluiche craoibhe Comórtas Peile na Gaeltachta le tosach splódrach ó Cill Chartha inniu i Maigh Cuilinn agus ba é Rian Mac Aoidh an fear leis an tionchar is mó ar an gcluiche le cúlíní luath. Níor chuaigh chúis foireann Mícheál Breathnach i bhfeabhas nuair a chuaigh Tommy Ó Conghaile ón bpáirc le gortúcháin. Chuir siad mórán deiseanna ar chúil amú agus bhí Chill Chartha lan ábalta iad a scóráil ag an taobh eile. Fuair Eoin Mac Aoidh an chéad chúl do Chill Chartha agus d'aimsigh fhear an chluiche Rian Mac Aoidh an dara chúl dóibh. Ní raibh cursaí ag féachaint go maith dos na Gaillimhigh ach, chun an cheart a thabhairt dóibh, d'eirigh leo cúpla scór a fháil, ón gcúlbaire agus eile. Bhí Fiontán O Curraoin ag imirt go maith i lár a 'ghoirt. Chuir TG4 staitisteach suimúil suas; nách raibh ach 60% do sheilibh na liathróide ag Chill Chartha ach fós bhí bearna mór idir na foirne. Cén fáth? Mar go raibh leaids Mícheál Breathnach ag cuir cuid mhaith deiseanna amú agus d'fhéach siad i bhfad níos traochta ná Cill Chartha. Bhí an t-adh le Mícheál Breathnach nách ceadaíodh an triú cúl do Chill Chartha agus measaim gur comhair an buntáiste a imirt sa chás sin. Fiú amháin nuair a d'fhéach an cluiche go raibh sé thart, d'éirigh le Mícheál Breathnach iad féin a chuir ar ais sa chluiche le ciceanna saor ó Pheadar Ó Cionnigh agus bhí tionchar maith ag Sean Denvir ar cúrsaí ó a tháinig sé isteach. Ag leath ama, bhí chlár an scóir ag léamh 2-07 do Chill Chartha, 0-6 do CLG Mícheál Breathnach. Thosnaigh an tarna leath cosúil leis an chéad leath le cúlín ó leath-chúlaí Chill Chartha agus ceann eile ó Mícheál Ó hÉigeartaigh. Chuir cúlín Ashley Mac Ghiolla Cheara fir Dhún na nGall deich gcúlín chun cinn ach ní raibh críochnaithe ag na Gaillimhigh fós. Le Peadar Ó Cionnigh agus Seán Denvir ag imirt go maith agus Fiontán O Curraoin ag marú é féin ar son na chúise, ní raibh ach cúig chúlín idir na foirne tar éis scór glóite ó Dhenvir a thug ardú chroí do fhir Mhícheál Breathnach. 

CLG Chill Chartha i gcoinne CLG Míchaél Breathnach inniu

Tar éis cúpla liathróid a chuir isteach i láimhe na cúlbáire, bhí scóir ag teastáil ó Chill Chartha agus cé eile ach Eoin Mac Aoidh chun an scóir sin a sholáthar do fhir Tír Chonaill. Chríochnaigh an cúl sin an chluiche agus le cúpla cúlín eile ó Rian Mac Aodh agus cúpla imreoirí eile Chill Chartha, is iad súid seaimpainí Comórtas Peile na Gaeltachta 2014Nuair a smaoiníonn tú nách raibh an imreoir idir-chontae Paddy McBreaty fiú amháin ag imirt leo inniu, ceapaim nách bhfuil deireadh feicithe againn don fhoireann seo. Le sin, bhí sé an deacair an cinne a dhéanamh ar Loach na himeartha idir Eoin Mac Aoidh agus Rian Mac Aoidh ach ceapaim go bhfuil sé beaganín níos ó tuillte ag Rian. An bhfuil an féidireacht ann go mbeidh buachaillí Chill Chartha i bPáirc an Chrócaigh ar Lá 'le Pádraig an mbliain seo chugainn? Abair liom sa bhosca 'comments' shíos nó ar Twitter @PucSaor

Laoch na himeartha - Rian Mac Aoidh
Comhghairdeas libh a bhuachaillí! 

P.S Bhíos an-tógtha leis na hOiléanaigh inniu sa chraobh sóisir. Measaim gur d'imir siad le luas, scil agus stíl agus bhi an corn tuillte acu tar éis a bheith comh-chóngarach an bhliain seo caite. Comhghairdeas leo agus tá súil agam go mbainfidh siad taitneamh as na céilúireadh sa bhaile anocht.
Comhghairdeas le CLG Oileain Árainn a bhuaigh an chraobh sóisir inniu sa Chomórtas

No comments:

Post a Comment