Monday 17 February 2014

Sraith Náisúinta

Nách bhfuil sé go hiontach iománaíocht a fheiscint ar ais ar an teilifís arís! Má raibh tú ag aon cluiche thar an deireadh seactainne, maith thú! Deireadh seactainne fuar a bhí ann. Bhí mé i bPáirc Uí Rinn oíche Dé Sathairn agus bhí mé praochta, ach bhí mé ar bís chun a bheith ar ais arís i lár an t-aicsean! Is Corcaíoch mé agus bhí díoma orm leis an toradh. Ba cheart dúinn an bua a fháíl ar Luimneach mar bhí fear sa bhreis againn.

Thosnaigh Corcaigh an-mhaith agus bhíodar 6 cúlín chun cinn tar éis fiche nóiméad. Ach chun an cheart a thabhairt do Luimneach, níor droid siad siar in aon chor ach ní bheinn ag súil le faic eile ach troid ceart ó Dónal O'Grady. Is bainisteoir den scoth é agus measaim go mbeidh éifeacht mór aige ar Luimneach sular mbeidh an bliain thart. Cheap mé go mbeadh plean níos fearr ag JBM agus na leaids chun a bheith macánta. Ghlacadar le Killian Murphy don fear spárálta agus bhí sé sin go breá ach, b'fhéidir go mbeadh fear sa bhreis níos éifeachtaí níos faide suas na páirce. Chomh maith le sin, bhí ionadh orm nár d'aistraigh siad na pucanna amach. Do bhí  gach uile cheann buailte síos ar Aidan Walsh agus Cian McCarthy agus tá sé sin ró-intuartha do cúlaithe. Ach ar aon nós, bhíos sásta nár ghéill Corcaigh ach an oiread agus caithfear chuir san áireamh nách bhfuileadar ach díreach ar ais ó laethanta saoire, tá a lán imreoirí nua á thriall acu agus tá timpeall cúigear gortaithe. Mar is gnáth bhí Patrick Horgan do-chreidte nuair a fuair sé liathróid íseal tapaidh agus bhí bluaire áilinn scile Horgan ar taispéainteas nuair a ghoid sé liathróid faoin seastáin amuigh ar an taobh líne agus, gan fiú amaháin féachaint, phuc sé an liathróid díreach ós cionn an spota dubh. Go háilinn!



Sna cluichí eile, caithfidh mé rá, bhi ionadh orm go bhfuair Laois an bua ar Uibh Fháillí. Tá an-ruathar déanta ag Laois le cúpla bliain anuas agus ní bheidh aon 'hammerings' á thógaint acu i Roinn 1B. Ach, is contae le an-thraidisúin agus stair é Uibh Fhaillí agus ní bheidh siad pioc sásta le ráiteas Loughnane. Measaim go mbeidh fuil á lorg acu an chéad lá eile.



Maidir le Cill Channaigh, bhí sé go hiontach chun an Rí ar ais arís i geansaí uimhir a 10. Tá a lán caint bainte leis an ''rince' beag a dhein Henry, ach d'fhéadach an fear sin aon rud a dhéanamh agus fós bheadh sé mar laoch.



Bhain an Gaillimh geit asam le scór chomh ard i gcoinne na Dubs.. agus gan Joe Canning?! An mbeidh siad ábalta é a choimeád suas nó an mbeidh siad ag braith ar Joe arís go luath?


Agus maidir le Davy Fitz agus an 'Nash Rule'... Téir go 0.33 seicond anseo http://www.youtube.com/watch?v=OLkZDAhNn38
An raibh mórán difríocht idir é sin agus pucanna saor Nash??

Chuir bhúr nótaí thíos agus roinn ar Twitter agus Facebook! GRMA

Fóclóir
Praochta = Frozen
Ar bís = delighted
Corcaíoch = Corkonian
díoma = disappointment
chun an cheart a thabhairt do Luimneach = To give Limerick credit
na leaids = The Lads
chun a bheith macánta = To be honest
ró-intuartha = Too predictable
bhíos sásta nár ghéill Corcaigh = I was glad to see Cork never gave up
do-chreidte = unbelievable
bluaire áilinn scile = a beautiful piece of skill
Tá an-ruathar déanta ag Laois= Laois have made lots of headway
Roinn 1B = division 1B
Ní bheidh siad pioc sásta = They will not be a bit happy
laoch = legend

*pictúirí ó SportsFile

No comments:

Post a Comment