Wednesday 19 February 2014

Corn Mhic Ghiobúin, Gooch agus Superscores

Ar an gcéad dul síos, go raibh maith agaibh as ucht an tacaíocht go léir atá faighte agam le cúpla lá anuas, coiméad suas é agus roinn le do chairde ar Facebook, Twitter nó pé rud eile.

Ar ais go dtí Corn Mhic Ghiobúin, bhí dhá chliuche ar siúl inniu, le CIT i gcoinne NUIG sa bhaile agus an dearbaí mór áitúil idir LIT agus UL. Bhí UL mar rogha na coitiatachta ach le Tony Kelly (1-10 a scóráil sé) agus craiceann ar tine aige, ní raibh aon stop le foireann Davy Fitz. Buailfidh siad san le WIT ag deireadh na míosa. Is féidir leat na buaicphaointí a fheiscint anseo. Cúl den scoth is ea an chéad ceann ó Jason Forde (Tiobraid Árann). An scór deireadh a bhí ann ná LIT 2-16, UL 1-13

Davy ag féachaint an-shásta le buachaillí LIT
Bhí bua suntasach ag CIT ar NUIG sa chluiche eile. Beidh siad san ag imirt an sean-neamhaid UCC sa leath chraobh. Ceapaim go bhfuil sé greannmhar gur chaithfidh an dhá foireann Chorcaí taisteal fad na tíre go mBéal Feiriste chun an cluiche a imirt ach is dóigh liom gurb é sin ceann dos na buaicphaointí a bhaineann le iománaíócht a imirt le'd choláiste. Tá súil agam go mbeidh an-craic acu ach ní féidir liom fheiscint conas a geobhfaidh CIT an bua ar UCC, le cúiseanna mínithe anseo

John Cronin i lár an taicsean do CIT

I nuacht peile, tá an bhrón orm closint nách mbeidh Colm Cooper i lár an taicsean an Samhradh seo (Fiú amhain nuair is Chorcaíoch mé!) Anois deirtear go bhfuil an gortúchán níos measa fós mar is léir go bhfuil gluain briste ag The Gooch chomh maith leis an gortucháin ballnasc croiseach. Is fuath liom nuair a tarlaíonn sé seo sa spóirt ach cad is féidir déanamh? Ach, is soiléir go bhfuil meas na tíre ag Colm Cooper, féach ar seo ó buachaill óg atá mar bhall don Chumann Legion i gCill Áirne. Is cuma gur chéile comhraic iad Legion agus Crokes sa chás seo.

Go néirí an bóthar leat a Cholm

Déanann an CLG fís dos na 'Super Scores' thar na deireadh seachtainne ó am go ham. Anseo, tá cúpla cinn ó babhta a haon don tsraith náisúinta. Uaireanta ceapaim nách cuireann siad na cúilíní agus na cúil leis an méid is mó scil isteach san fhís seo ach na cinn atá an-fhada ón cúl. Gan amhras, tá na scóir sin go hiontach chomh maith ach uaireanta tá píosa don t-ádh ag baint leo. Bhí roinnt cúilíní do-chredite ó Patrick Horgan toisc an scil a bhí ag baint leo. Ach, níl sé sin ach mo thuairim féin.. cad a cheapann tusa?? Fág 'comment' thíos. GRMA!


Fóclóir
dearbaí mór áitúil = big local derby
rogha na coitiatachta = favourites
craiceann ar tine aige = he was on fire
deireadh na míosa = at the end of the month
buaicphaointí = highlights
bua suntasach = comprehensive win
sean-neamhaid = old enemy
leath chraobh = semi final
ballnasc croiseach = cruciate ligament
meas na tíre = respect of the country
chéile comhraic = rivals
sa chás seo = in this case
fís = video
babhta a haon don tsraith náisúinta = round one of the National League
tá píosa don t-ádh = a bit of luck
do-chredite = unbelievable


No comments:

Post a Comment