Monday 24 February 2014

Cúl, cúl agus tuilleadh cúil! Roinn 1A

Cá tosóidh mé le cluichí na deireadh seachtainne seo? Tá mórán cainte le déanamh faoi!

Ar an gcéad dul síos, cad faoin chluiche sin idir Cill Channaigh agus Tiobraid Árann? Dúirt mé go mbeadh sé go maith ach ní rabhas ag tnúth le deich gcúl! Bíonn na cluichí sin an-sceitimíneach ach caithfear a rá, cá raibh cosantoirí na gCait sa chéad leath? Ní raibh duine ná deoraí lastigh don líne 21 agus mar sin, gach uile liathróid a thánaig isteach, bhí tosaithe Tiobraid Árann an-dainséarach. Cheap mé go raibh Walter Walsh an éifeachtacht sa chéad leath agus chun an fhírinne a rá, coiméad sé na Cait thar uisce don chéad tríocha noiméid. Thánaig Colin Fennelly isteach sa chluiche go mór mhór agus chríochnaigh sé mar laoch na himeartha. Bhí sé ar nós cómortas idir Colin Fennelly agus Seamus Callanan. Idir an bheirt acu, chríochnaigh siad le 6-11. As na gcúl go léir cheap mé go raibh an chéad cheann ó Noel McGrath gleoite mar go léigh sé é díreach i gceart agus ní feictear mórán cleasanna ar nós an dúbail a dhein sé ar an liathróid a thuilleadh. Chomh maith le sin bhí an triú cheann ag Fennelly go haobhinn, ní raibh faic eile san aigne aige seachas an chúl. Is féidir na cúl go léir a fheiscint anseo. Chríóchnaigh Mark Kelly Tiobraid Árann lena chúl agus cheap mé gur thug Richie Hogan fuinnimh faoi leith dos na Cait nuair a thánaig sé chun páirce. Bhí Shefflin agus TJ Reid ciúin go leor ón imirt mheas mé ach is cuma sa tioc mar tá an dhá paointe sraithe acu anois, rud a fhágann Roinn 1A an-oscailte ar fad. 

Walter Walsh tabhachtach do Chill Channaigh inné
Tar éis do Gaillimh léasadh ceart a thabhairt dos na Dubs an tseachtain seo chaite, bhí an-suim agam san chluiche idir iad féin agus Na Déise. Tá fadhb ag an Gaillimh le blianta anuas nách féidir leo cúpla taispeainteas maithe a chuir drom le drom. Agus, arís, bhí sé sin fíor inné. Chun an cheart a thabhairt do Phort Láirge, d'imir siad go maith agus bhí obair na gcapaill á dhéanamh acu ó lár na páirce siar go dtí na cúlaithe. B'fhéidir go bhfuil níos mó ag teastáil uatha sna tosaithe ach bhíos tógtha le Ray Barry agus Pauric Mahony (réalt Corn Mhic Ghiobúin). Tháinig an Gallimh ar ais sa chluiche le cúl ó Jason Flynn ach bhí cúilín ag Ray Barry mar freagairt ar an gcúl sin agus chríochnaigh sé Port Láirge 0-22, Gaillimh 1-13. 

Brick Walsh agus Conor Cooney i lár an taicsean
Cosúil leis an suim a bhí agam i gcluiche na Gaillimhe, bhí an suim céanna agam sna Baile Átha Chliathaigh toisc an léasadh a fuair siad ón Gaillimh an tseachtain seo caite. Bhí fhios agam go mbeadh Daly ag lorg taispéainteas mór óna himreoirí agus fuair sé é. Táim an-shasta Alan McCrabbe a fheiscint ar ais leis na Dubs agus d'imir é féin agus Conal Keaney go tharr barr inné. Thosnaigh Alan McCrabbe i 2006 le BÁC agus d'iompair sé iad ar a dhroim ar feadh tamall fada. Tá sé go hiontach dos na pucanna saor agus dos na puc sleasa. Chríochnaigh siad le sé paonte do fharasbarr ar seaimpíní na hÉireann. 

Alan McCrabbe ar ais do BÁC

Mar sin, féachann an tábla sraith do Roinn 1A mar seo 

 
Cad a cheapann tusa faoi torthaí na deireadh seachtainne seo? Abair liom anseo nó ar Twitter ag @PucSaor

Go raibh maith agaibh!

Foclóir
  • Tá mórán cainte le déanamh faoi! = There's a lot to talk about
  • ní rabhas ag tnúth le deich gcúl = I wasn't expecting 10 goals
  • caithfar a rá = it has to be said
  • ní raibh duine ná deoraí lastigh don líne 21 = There was nobody in sight inside the 21 
  • laoch na himeartha = man of the match 
  • léigh sé é díreach i gceart = he read it perfectly
  • cleasanna ar nós an dúbail = skills like doubling on the ball
  • ní raibh faic eile san aigne aige seachas an chúl = he wasnt nothing else only the goal
  • fuinnimh = energy
  • is cuma sa tioc = it doesn't matter
  • léasadh = hammering
  • drom le drom = back to back
  • obair na gcapaill =work of a horse (literal translation) = working hard
  • céanna = same
  • d'iompair sé iad ar a dhroim = he carried the Dubs
  • puc sleasa =Sideline cut
  • farasbarr = Excess
  • seaimpíní na hÉireann = All Ireland Champions



No comments:

Post a Comment