Monday 23 February 2015

Sraith Iomána Allianz, Babhta 2, 2015.

Deireadh seachtainne eile thart ins an Sraith Náisúinta Allianz agus bhain mé an-taitneamh as. Oíche Dé Satharn, chuaigh lucht leanúna Chorcaí go Páirc Uí Rinn ag súil le i bhfad níos mó ós na hiománaithe atá cois Laoi. Bhíomar sásta leo mar go raibh siad ag feidhmiú i bhfad níos deise agus bhí sé sin léirithe ar clár an scóir. Fós tá go leor áiteanna le haghaidh tuilleadh feabhas. Fuair an Clár cúlíní go han-bhog ar fad uair nó dhó ach tríd is tríd, bhí Corcaigh i bhfad níos fearr ná mar a bhíodar in aghaidh na Cait. An Clár ar an taobh eile, ní rabhadar ábalta coiméad suas le imirt tapaidh dian Chorcaí agus anois tá siad in áit deacair le ganntanas mór paointí. Beidh siad ag teacht suas in aghaidh an trí fhoireann is láidre, i mo thuairim, anois; Baile Átha Chliath, Tiobraid Árann agus Cill Channaigh agus beidh sé deacair go leor orthu na paointí sin a fháilt ar ais.

Monday 16 February 2015

Pictiúirí na Seachtainne 16/2/2015

Tar éis gach deireadh seactainne teastaíonn uaim na pictúirí is fearr a chuir suas ar an mblag. Faighim iad seo  ó Sportsfile, Inpho agus GAA.ie agus roinnt áiteanna eile. Bainigí taitneamh astu. Má bhfuil aon moladh agaibh chuir chugam iad sa bhosca comments nó ar @pucsoar ar Twitter. GRMA! 

Sraith Iomána Allianz, Babhta 1 2015.

Ar ar Satharn, thosnaigh an Sraith Iomána Allianz arís buíochas le Dia! I Roinn 1A bhí ar seampíní na hÉireann, Cill Chainnaigh teastail go Páirc Uí Rinn chun Corcaigh a imirt. Thosnaigh Corcaigh maith go leor ach thaispeáin fir Brian Cody nách raibh siad ag mbraith buachaillí Baile hÉil uatha ró olc agus d'fhéacheadar ró láidir i gcoinne foireann spadánta Chorcaí.

Sunday 15 February 2015

Táimíd ar ais!

Haigh a chairde,
Tá áthas orm a rá go bhfuil Puc Saor beo arís do bhliain eile Iománaíochta. Thóg mé sos anuraidh tar éis an cluiche idir Corcaigh agus Tiobraid Árannn ach táim réidh arís chun postanna a chuir ar fáil díobh.


Beidh an mblag seo ag déanamh plé ar cúrsaí iománaíochta, ag chuir pictiúirí ó na cluichí is déanaí suas agus beidh cúpla gnéithe eile don Cumann Lúthchleas Gael le feiscint anseo. Níl Gaeilge foirfe agam agus ní saineolaí an CLG mé ach déanaim mo dhícheall agus beidh an mblag seo usáideach d'éinne a theastaíonn uatha cúpla focail atá bainte leis an CLG a fhoghlaim. Beidh foclóir ag bun na postanna má tá aon focail deacair ann.



Má tá suim agat an mblag seo a leanúint agus na postanna is déanaí a fheiscint, lean mé ar Twitter (@PucSaor). Tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as na postanna mar bainim taitneamh as iad a scríobh. Beidh an céad phost ar Sraith Iomána Allianz ag teacht trathnóna amárach! Cíthfidh mé sibh ansin!

An Gaeilge agus Iománaíocht Abú.
Puc Saor.

Foclóir
Anuraidh: Last Year
Gnéithe: Feature
Foirfe: Perfect
Saineolaí: Expert
Déanaim mo dhícheall: I do my best
Cíthfidh mé: I'll see