Monday 16 February 2015

Sraith Iomána Allianz, Babhta 1 2015.

Ar ar Satharn, thosnaigh an Sraith Iomána Allianz arís buíochas le Dia! I Roinn 1A bhí ar seampíní na hÉireann, Cill Chainnaigh teastail go Páirc Uí Rinn chun Corcaigh a imirt. Thosnaigh Corcaigh maith go leor ach thaispeáin fir Brian Cody nách raibh siad ag mbraith buachaillí Baile hÉil uatha ró olc agus d'fhéacheadar ró láidir i gcoinne foireann spadánta Chorcaí.
Úsáidim an focal spadánta chun cur síos a dhéanamh ar Corcaigh agus ceapaim go bhfuil sé sin ceann dos na fadhbanna is mó atá ag na Reibiliúnaigh. Tá na scileanna go léir acu, ach tá sé léirithe acu arís is arís nách dtosaíonn siad an cluiche le iarracht céad faoin gcéad agus bíonn sé ró-dhéanach faoin am go ndúisíonn siad. Dhein Cody é féin trácht ar an easpa dhéine a bhaineann le Corcaigh agus dá réitóidh siad é sin, bheadh siad dainséarach go leor. Beidh orthu na tosaithe a fháilt amach níos éifeachtaí, seachas liathróid móra, arda a chuir isteach dóibh. Tá sé feicithe againn cad is féidir le Cadogan, Horgan, Lehane agus O'Sullivan a dhéanamh nuair a fhaigheann siad liathróid maith ach caithfidh siad an cosaint a thosnú ag uimhir a 15 mar bíonn na cosaintóirí faoi bhrú agus bualann siad liathróid amach gan aon treo de bharr sin. Cinnte, beidh Cill Chainnaigh mar rogha na coitianta faoin am seo agus is dócha gur ceart é sin. Ach, tá breis is leor ama le haghaidh gach foireann eile tar suas leo.

Ní raibh JBM ró-shásta le a fhoireann oíche Dé Satharn
Ar an Domhnach d'imir Tiobraid Árainn Baile Átha Chliath agus bhíos ag súil go mór leis an cluiche seo. Is oth liom a rá nách raibh mórán sa chluiche seo a chuirfidh sceitimíní orm. D'féach TÁ an-mheirgeach ach thárla sé sin dóibh roimhe sin agus chríochnaigh siad an tsraith go han-láidir. Mar sin ní bheinn ró-bhuartha dá mbeinn ó TÁ. Ar an dtaobh eile, caithfidh go bhfuil Ger Cunningham an-shásta lena fhoireann ar an céad lá amach. Bhí Liam Rushe ag imirt ina háit nua ach bhí tionchar aige ar an cluiche lena cúl áilinn agus cúpla gabháil san aer a bheadh Kieren Donaghy bródúil as! Féachann BÁC go maith agus bheinn néarógach rompu amach anseo. 

Cian Ó Ceallacháin agus Jason Forde i lár an taicsean ar an Domhnach. 
Nior chonaic mé An Gaillimh i gcoinne an Chláir agus mar sin nílim ábalta aon tuairim a chuir amach faoin gcluiche sin ach beidh Anthony Cunningham sásta buachaint a fháil nuair a bhí rudaí comh cóngarach sin. Le cúnamh Dé, beidh cluiche suimúil againn an deireadh seachtainne seo chugainn mar go bhfuil Corcaigh agus An Chláir faoi bhrú anois chun paointí a chuir ar an gclár. Seo mar a bhfuil na socraithe don deireadh seachtainne seo chugainn: 

Foireann 1
Foireann 2
Dáta
Am
Áit
Teilifís
Corcaigh
An Clár
21/02/2015
7.00i.n.
Páirc Uí Rinn
Setanta Ireland
Cill Channaigh
Átha Cliath
22/02/2015
2.00i.n.
Páirc Uí Nualláin
TG4 (beo)
An Gaillimh
Tiobraid Árann
22/02/2015
2.00i.n.
Stáid Semple
TG4 (iarbheo)

Má bhfuil aon tuairimí agaibh ar aon rud atá bainte leis an mblag seo, Iománaíocht, nó an Gaeilge is féidir libh trácht a fhágaint sa bhosca shíos. GRMA! 

Foclóir
Ag braith ____ uatha - Missing them
Spadánta - Lethargic 
Na Reibiliúnaigh - The Rebels
Easpa dhéine - Lack of intensity
Dhein ___ trácht - Referred to
Rogha na coitianta - Favourites
Breis is leor ama - More than enough time
Is oth liom a rá - I regret to say
Meirgeach - Rusty
Néarógach - Nervous
Socraithe - Fixtures
Páirc Uí Nualláin - Nowlan Park
Beo - Live
Iarbheo - Deferred 
Trácht - Comment 
GRMA - Go Raibh Maith Agaibh - Thank You All 

No comments:

Post a Comment