Monday 21 July 2014

Nuacht na Seachtainne 21/07/14

Dia dhaoibh!

Ní raibh ach cluiche amháin againn i gCraobh Comortas Iománaíochta an tseachtain seo agus an cluiche idir Loch Garman agus Port Láirge a bhí i gceist. Mar a dúirt mé cheanna, níl Sky agam sa bhaile agus mar sin níl mé ábalta na cluiche go léir a fheiscint.
Ach, d'fhéach mé ar The Sunday Game aréir agus beidh mé ag féachaint ar arís anocht ar TG4 ar GAA2014. Tá sé an deacair léarmheas a thabhairt ar cluiche gan é a fheiscint go hiomlán ach, déarfaidh mé le cinnteacht gur cluiche tapaidh, sciliúl a bhí ann le scóireanna den scoth. Bhí na cúl go hiontach ón dhá fhoireann agus comhghairdeas go Loch Garman. Tá sé dochreidte an slí go bhfuil an muinín tar éis ardú agus bí cinnte de, is grúpa a bhfuil 'battle hardened' iad súid agus ní bheidh sé éasca ar Luimneach chun buachaint orthu. Tá na cluichí go léir leagtha amach shíos.

Domhnach Iúil 27ú:
Cluiche ceathrú ceannais na hÉireann 
Luimneach v Loch Garman 2pm. 
Tiobraid Árann -v- Baile Átha Cliath 4pm
Dúrlas Éile

Domhnach Lúnasa 10ú
Cill Ceannaigh -v- Luimneach/Loch Garman 
Páirc an Chrócaigh

Domhnach Lúnasa 17ú
Corcaigh -v- Baile Átha Cliath/Tiobraid Árann
Páirc an Chrócaigh

Agus sin a bheidh ann. Beidh mé ar lathanta saoire an deireadh seachtainne seo chugainn agus mar sin ní beidh mé ábalta a bheith ar Twitter nó an mblag. Mar sin beidh postanna an mblag ag teacht níos déanaí ná mar is gnath. 

GRMA arís. Iománaíocht abú! 

No comments:

Post a Comment