Monday 7 July 2014

Achoimre an Deireadh Seachtainne 7/7/14

Má bhfuil rud éigin fíór ón deireadh seachtainne seo atá thart, is é go bhfuil an craobh comórtas oscailte go leathan le haghaidh aon foireann a theastaíonn uatha seasamh suas agus Liam Mac Carthaigh a aimsiú. An tarna rud atá fíór ná níl aon spóirt ar domhain comh maith le Iománaíocht!


Ag tosnú leis an Satharn, bhí dhá cluiche sceitimíneach againn le Loch Garman suas i gcoinne an Chláir agus Tiobraid Árann suas in aghaidh an Gaillimh. Bhí díomá orm le Loch Garman nár chríochnaigh siad amach an cluiche chun a bheith macánta. Chaith siad an cluiche uatha le roinnt cinne olc agus cúpla liathróid ar fóraoil nách raibh ró dheacair le scóireáil. Bhí an Chláir ag dul go holc agus is tiomna dá gcarachtar go raibh siad ábalta teacht ar ais ó a bheith deich bpaointe chun deireadh le ceathrar dhéag ar an bpáirc. Ní dóigh liom go bhfuil spás do gearáin ó Podge Collins nó Davy Fitzgerald leis an cárta dearg sin. Tá an rial ann agus bhí sé sin ar eolas ag Podge Collins cosúil le gach éinne eile. Bhí Cathal Mcallister go huile agus go hiomlán ceart i mo shúile. Bhí an bheirt ag tógaint na pucanna saor ríthabhachtach don dhá foireann. Colin Ryan le naoi agus Paul Morris le sé cúilín ón liathróíd marbh. Cosúíl le Ryan, bhí an ionadaí Seadha Morey an laoch don Chláir tar éis teipeadh Tony Kelly an pínós a chuir sa líontán. Beidh an cúlaí ó Loch Garman díómach nár tháinig sé go dtí an liathróíd roimh Morey ach ba chríochnú iontach é. Bhí an teangabháil agus gach rud eile sár mhaith ó Loch Garman agus más féidir leo seatanna níos fearr a thógaint ar na postanna, ní dóigh liom go bhfuil an rás rithe acu. D'fhéach an Chláir tuirseach agus spadánta ach mar a dúirt mé, fair play dóibh chun teacht ar ais. Is marc do seampíní é sin. Imreoidh siad arís ar an Sathran seo chugainn ar a cúig a chloig. Beidh sé á craoladh beo ar RTÉ2, bígí cinnte go bhfuil sibh ag féachaint. Imreoidh Port Láirge i gcoinne Loch Garman nó an Chlár sa tarna babtha cáílithe. 
Cúl Seadhna Morey a shlánaigh an Chláir. 
Mar roinnt daoine eile, níl Sky againn sa bhaile agus mar sin níor chonaic mé ach buachphaointí ar The Sunday Game aréir. D'fhéach Tiobraid Árann go maith ach is paointe buartha dóibh go bhfuil siad ag ligint isteach an méid sin cúl i ngach cluiche agus uaireanta, ligeann siad foireann rith timpeall orthu féín le haghaidh tréimhsí tabhachtach sa chluiche. Dúirt mé gur cheap mé go mbeadh an bua ag Tiobraid  Árann agus an príomh cúís don glaoch sin ná an Gaillimh. Is iad an foireann is neamh-chomhseasamhaí a chonaic mé riabh. Tá fadhb mór acu thuas ann agus beidh sé deacair é sin a dheisiú. Dúirt Eddie Brennan go raibh roinnt rudaí ag tarlúint thuas ann idir na cumann agus cinnte, tá éifeacht ag é sin ar cúrsaí idir-chontae. Tá sé go breá a rá go bhfuil Joe Canning ceann dos na hiománaithe is fearr sa tír ach ní féidir fearr amháin Craobh na hÉireann a bhuachaint. Fuair Tiobrad Árann an tarraingt níos símplí agus le fir cosúil le Lar Corbett agus Seamus Callanan ag canadh faoi láithir, bheinn neirbhíseach do Uibh Fháilí. 
Droch lá don Gaillimh agus Anthony Cunningham
An triú cluiche ón deireadh seachtainne seo ná Cluiche Craoibhe Comórtas Cúige Laighin idir Cill Ceannaigh agus Baile Átha Chliath. Bhí mé ag súil le cluiche teann, cóngarach agus chun a bheith cothrom dos na Dubs, ní raibh cláir an scóir frithcaithimheach don cluiche. Cluiche na cúlaithe a bhí ann, le cúlaithe Cill Ceannaigh níos fearr ar an lá. Bhí sé go maith mar comórtas agus ceapaim go mbeidh an dhá foireann seo deacair le buachaint ortha sa todhacaí. Níor chonaic mé cúlaithe Cill Ceannaigh comh maith seo le roinnt tamall anuas, bhí ocrac an domhain orthu inné. Bhí Richie Hogan thar barr arís agus ní raibh mórán cearr le éinne eile ar foireann na gCait. Bhí na leaids ar The Sunday Game ag rá gur droch cluiche a bhí ann do BÁC ach bheinn ag rá gur cluiche iontach a bhí ag Cill Ceannaigh. Bhí Michael Duignan go hiomlán as ord lena ráiteas faoi réiteoir Barry Kelly ag rá 'There's a man who doesn't understand hurling'. Cúpla blian ó shin, bheadh sé ceart ach ceapaim go bhfuil Barry Kelly an réiteoir is fearr sa tír agus bhí sé ceart an puc saor amach a thabhairt do Alan Nolan. Chuir TJ Reid (ceapaim) an gualann díreach isteach ina cliabhrach/smig agus is calaois soiléir é sin. Comhghairdeas Cill Ceannigh ar an 69ú Craobh Comórtas Laighin a bhuachint. 

Lá maith do Brian Cody... arís!
Abair do thuairim liom ar Facebook, Twitter nó sa bhosca comments shíos. GRMA!

No comments:

Post a Comment