Tuesday 15 July 2014

'Corcaigh Abú, Rebels Abú, The Rebels Are Back!'

Níl aon ionadh ann gur tacadóir Chorcaí mé agus níor bhain mórán an méid taitneamh as an Domhnach ná mise. Tá muintir Chorcaí ag feithimh ar feadh ocht mbliana don chorn seo agus is deacair a chreidúint gurb é Pat Mulcahy a d'ardaigh í an uair deireanach do Chorcaigh. Chuir Patrick Cronin deireadh le sin nuair a thug sé óráid deas (leath dó as Gaeilge) tar éis do Chorcaigh an bua a fháil ar Luimneach le 2-24 go dtí 0-24. 

Seampíní arís!

Fuair Luimneach an lámh in uachtar go luath sa chluiche agus bhí cosaintóirí Chorcaí faoi bhrú ach le cosaint den scoth ó Shane O'Neill agus Mark Ellis, bhí Corcaigh ábalta na cúl a coiméad amach agus chuir Luimneach roinnt ar fóraoil chomh maith. Bhí sé de cheart ag Luimneach a bheith seacht nó ocht chun cinn ach coiméad Conor Lehane agus Alan Cadogan na Corcaíoch sa chluiche le roinnt cúlín áillinn. Dhein Daniel Kearney agus Aidan Walsh obair na gcapall ag lár na páirce agus i dtreo deireadh an céad leath bhí Corcaigh ag teacht ar ais sa chluiche go láidir. Bhíódar trí cúlín chun tosaigh ag droidim i dtreo leath am ach fuair tosaithe Luimnigh na trí cúlín sin ar ais arís chun é a coiméad cothrom ag an mbriseadh. Nóta beag ar Pa Cronin; cheap mé go raibh cluiche maith aige sa chéad leath, pioc sé trí liathróid as a chéile ón spéir agus is mór an trua é go raibh air an páirc a fhágaint mar chaptaen. Bhí roinnt Tweets gránna ag dul suas faoi Cronin agus ceapaim nách mbíonn na leaids sin fiú amháin ag féachaint ar an cluiche, ach amháin ag athrá rudaí a bhfuil siad tar éis cloisint i cluichí eile. Níl aon dabht go raibh Paudie O'Sullivan go hiontach nuair a thánig sé ar an bpáirc ach ní thógann sé sin ó imirt Cronin sa chéad leath.  

Anthony Nash ag céilúireadh le Kieran Kingston ag deireadh an cluiche
Ar aon nós, bhí gach éinne ag rá go mbeadh an chéad cúl ríthabhachtach. Bhí Seamus Harnedy cúin go leor sa chéad leath ach fós bhí sé ag déanamh a dhíchill. Chuir sé trí liathróid ar foraoil sa tarna leath agus bhí JBM ag iarradh é a spreagadh ag rá 'gach uile liathróid' ón taobhlíne. Ba fiú é nuair a stróic sé tríd cosaintóirí Luimnigh chun cúl den scoth a fháil ag paointe cinnúinach sa chluiche. Deireann sé a lán faoin bhfear nuair nár chuir sé an ceann síos nuair nách raibh rudaí ag dul ró mhaith. Bhí cúpla leath-sheans ar cúl ag Luimneach ach chuir cosaintóirí Chorcaí stop leo súid sular raibh aon bhrú ar Nash. Chuir sé ionadh orm nách bhfuir Shane O'Neill laoch na himeartha ach bhí roinnt daoine a bhí sé tuillte acu; Bill Cooper, Aidan Walsh agus Daniel Kearney comh maith. Ag caint ar Bill Cooper; dhein sé súid an obair dheacair do Chorcaigh. Bhi sé ann i gconaí ag lorg an liathróid agus tugadh a duais dó nuair a fuair sé dhá cúlín sa tarna leath. Measaim gur imreoir mí-rátaithe é Daniel Kearney. Ghoid sé an liathróid go gleoite ar fad chun an deis a thabhairt do Paudie O'Sullivan don tarna cúl agus bhí sé ag rith suas-síos na páirce don lá ar fad. Maith thú Daniel. 

Bill Cooper le cluiche iontach an lá faoi dheireadh
Is foireann maith iad Luimneach agus más féidir leo cúpla rud a fháilt i gceart, ní beidh siad ró fhada ó éinne i dtreo deireadh na mbliana. Beidh siad ag imirt i gcoinne buatóirí Port Láirge agus Loch Garman ar an 27ú lá don mhí seo. Corcaigh; bhuel, ní raibh siad ag imirt chomh maith agus is féidir leo agus an taon rud saghas díomach ná nách raibh mórán tionchar ag Patrick Horgan ar an gcluiche ón imirt. Is rud iontasach é a fheiscint ag chuir na pucanna saor thar an trasnán nuair nách bhfuil rudaí ag dul ró-mhaith dó san imirt. Misneach iontach. Beidh JBM ag lorg níos mó as an iománaí den scoth seo sa todhchaí. 

JBM agus Dr. Con Murphy- Beirt Laoch!
Cad is féidir rá faoi Jimmy Barry Murphy? Tá grá ag gach éinne sa tír dó, ná bí ag caint ar muintir Chorcaí! Dúírt Tony Considine ba chomair go mbeadh an stáid nua ainmnithe tar éis an laoch seo agus ní feidir le éinne argóint le sin. Táim ag súil go mór leis an stáid nua agus féachann sé go hiontach ar fad (is féidir na pleanna a fheiscint anseo) ach tá cuimhní órga óga agam sa staid sin agus bheinn ag insint bréige muna dúirt mé go raibh mé beaganín brónach an lá faoi dheireadh ag siúl timpeall. Bhí slán foirfe aici ar an Domhnach. Rebels Abú!!

Fir Sásta!


GRMA

No comments:

Post a Comment