Tuesday 20 May 2014

Táimíd ar ais!

Ar an gcéad dul síos, caithfidh mé mo leiscéal a ghabhadh... Bhíos an-ghnóthach le cúpla mí anuas mar táim i mo bhlian dheireanach san Ollscoil. Ar aon nós, táim críochnaithe anois agus táim saor ón obair! Mar sin, fáilte ar ais go Puc Saor, an blag a dhéanann plé ar an CLG as Gaeilge! Cá tosnóidh mé?

Is léir on na postanna eile go bhfuil níos mó suim agam san Iománaíocht ná an Pheil. Is breá liom peil ach tagann sásamh nách féidir comparáid a dhéanamh leis orm nuair atáim ag cluiche iománaíochta. Agus an bhfuil cluiche níos fearr an chun an comórtas a oscailt ná Port Láirge i gcoinne an sean-neamhaid Corcaigh? Nuair a smaoinaíonn tú siar ar na epicí a bhí idir na dhá chontae seo le deich mbliain anuas, tagann ainmneacha cosúil le Ben O'Connor, Dan Shanahan, Joe Deane, Eoin Kelly, Ronan Curran agus Ken McGrath chun aigne. Nil na leaids sin ann a thuilleadh ach is dóigh liom go mbeidh cluiche maith againn ar an Domhnach. Níl Eoin Cadogan ar fáil do Chorcaigh ach deireann JBM go bhfuil Paídí O'Sullivan ag dul go maith agus is iontach an rud é sin tar éis an gortú uafásach a tharla dó. I bPort Láirge, ní bheidh Shane O'Sullivan ar fáil dóibh toisc an cárta dearg a phioc sé suas i gcoinne Baile Átha Chliath i mí Márta. Imreoidh na buatóirí seaimpíní na hÉireann, an Chlár ar an cúigú lá dhéag do mí Meitheamh. An mbeidh ath-imirt eile againn do Craobh na hÉireann, nó an dtiocfaidh Na Déise slán ó na Reibiliúnaigh? Abair liom sa bhosca tráchta shíos! 


Rud mór don CLG an bhlian seo ná go mbeidh cluichí craoibhe á chraoladh beo ar Sky Sports. Is dóigh liom gur rud maith é seo don CLG é féin ach b'fhéidir nách rud maith é do thacadóirí an CLG. Ní raibh mórán trácht ar 'Darts' sular dhein Sky Sports rud suimúil as agus féach ar anois.. tá súil agam go ndéanfaidh siad an rud céanna don pheil agus don iománaíocht. Tá tacadóirí áirithe ag gearáin nách mbeidh siad ábalta roinnt cluichí a fheiscint ach mar a théann an ráiteas 'Nothing beats being there' ;) Seo é an chéad fógra atá déanta ag Sky le haghaidh ár gcluichí agus ceapaim go bhfuil post maith déanta acu. Féach ar an bhfís anseo

Beidh an chéad post eile ar an Aoine/An Satharan le nuacht ar na foireann atá ag tosnú do Chorcaigh agus Port Láirge. Má theastaíonn uait an mblag a roinnt le'd chairde, bruaigh na cnaipí Twitter, Facebook, Pinterest etc. An CLG agus an Ghaeilge Abú!

GRMA :)

Fóclóir:
  • an-ghnóthach = Very busy
  • Cá tosnóidh mé? = Where will I start?
  • tagann sasamh nách féidir comparáid a dhéanamh leis orm = A happiness that cannot be compared to come over me
  • Sean-neamhaid = Old enemy/rival
  • Gortú uafásach = Horrific injury
  • Seaimpíní na hÉireann = All Ireland champions
  • na Reibiliúnaigh = The Rebels
  • Bosca tráchta = Comment box
  • mar a théann an ráiteas = as the saying goes
  • GRMA = Go raibh maith agaibh



No comments:

Post a Comment