Tuesday 19 August 2014

Brón, Díomá agus Iománaíocht.

Chun a bheith macánta, nílim ag tnúth le an post seo a scríobh. Táím ag fáilt é deacair díleáil leis an caillúint ar an Domhnach mar atá éinne eile ó Chorcaigh. Ach déanfaidh mé mo dhícheall. Seo linn.. 


Cad a tharla ar an Domhnach? Bhuel, níor thánaig an Corcaigh céanna a bhuaigh Craobh na Mumhan go dtí Pairc an Chrócaigh. Táim chroíbhriste do na leaids agus do lucht leanúna Chorcaí. Bhi a lán daoine shíos anseo ag ceapadh gurb é seo ár mbliain. An bliain seo chugainn, táimíd ag dul isteach in ár deichiú mbliain ó a bhuamar an gCraobh. Ní bheadh mé ró díomách ach táim fós lán cinnte go rabhamar maith go leor chun Craobh na hÉireann a bhuacaint. 


Bhíos ag feachaint ar Corcaigh agus iad ag téamh suas ar an bpairc agus bhí sé soiléir go rabhadar an-neirbhíseach. Bhí liathróidí ag titim as an iomarca láimh agus bhíodar 'jittery'. Aon liathróid a thánaig go dtí na tosaithe, ní raibh siad ábalta é a léamh i gceart agus méadaigh muinín an líne leath chúl do Thiobraid Árann. Bhí na pucanna amach aontoiseach ag Corcaigh, an mbealach díreach an tam go léir agus tá ionadh an domhain orm nár athruigh Nash nó lucht Bainistíochta Chorcaí é sin sular raibh an damáiste déanta. Tá sé ráite agam arís is arís, caithfidh an liathróid teacht ós comhair agus íseal go dtí Horgan, Lehane agus Cadogan. Is féidir leo rudaí maithe a dhéanamh leis an liathróid nuair a dtagann sé mar sin. Beidh ar duine éígin Pa Cronin a múineadh conas an liathróid a smachtú leis an camán mar tá sé ag dul suas leis an lámh gach uile uair agus níl an liathróid ag teacht slán leis. Chun an ceart a thabhairt do Cronin, níl na tosaithe eile ag rith leis chun na briseadh a phiocadh suas agus glantar an liathróid gach uair. Is fadhb ollmhór é sin. 


Maidir le cúlaithe Chorcaí, ní féidir aon milleáin a chuir orthu súid. Rinne siad botún amháin leis an gcéad cúl ach tar éis é sin, bhí gach rud geall leis foirfe. Bhíodar faoi an méid sin brú mar ní riabh na tosaithe ag coiméid an liathróid nuair a bualtar síos doibh é agus mar sin bhí beagánín anbhá ag baint le cúpla glanadh agus mar sin de. Is dóigh liom gur cheart do duine éigin eile Bonnar Mahar a phiocadh suas ach is Iománaí den scoth é súid chomh maith. Deachtaíonn Bonnar roinnt maith do ionsaí Tiobraid Árann agus nuair a imríonn sé súid go maith, imríonn Tiobraid Árann go maith. 



Ag déanamh tagairt do Thiobraid Árann, déanaim comhghairdeas leo. Bhíodar go hiontach sa líne leath cúl agus bhí sé sin mar cheap láinseála dóibh don chluiche ar fad. Bhíos in uamhan do Eoin Kelly nuair a chuir sé an liathróid sin thar an trasnán agus bhíos sásta gur fuair sé an moladh atá tuillte aige. Laoch amach is amach. Ní labhróidh mé faoi Craobh na hEireann fós, beidh post eile ag déanamh tagairt de sin níos déanaí sa mhí. 



Mar a léiríonn an teidil, táim brónach agus an-díomach. Is é an iomanaíoch an príomh, agus an taon fíór suim atá agam agus níl faic ar domhain a theasatíonn uaim ach Corcaigh a leanúint. Ba mhaith liom buíoch a ghabháil do iománaithe agus lucht bainistíochta Chorcaí don bhliain. Bhí dé go hiontach blaise rath a bheith againn i gCraobh na Mumhan arís agus bhí roinnt laethanta maithe againn chomh maith. Mar is ghnáth, Reibilíúinigh Abú go deo. 



GRMA. 

1 comment:

  1. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete