Wednesday 13 August 2014

Ríthe na hIomáinte

Haigh a chairde! 
Le déanaí, bím déanach le postanna agus tá brón orm ach, is sainchaitheamh é seo agus ní post é. Ní bhíónn an tam agam gach seachtain ach táim ag déanamh mo dhícheall. Ar aon nós, go dtí an caint dáiríre!

An domhnach seo caite, chonaiceamar rud speisialta. Creidim é sin. Níl mórán lúthchleasaithe a bheadh ábalta dul amach ar an bpáirc ar feadh breis is seachtó nóiméid agus imirt chomh maith sin in aimsir chomh olc. Bhí sé dian, ach bhí sé mar iontas chun feachaint air. Thosnaigh Cill Cheannaigh mall agus bhí Luimneach ag dul go maith. Le sin, ní raibh Luimneach ábalta na gCait a chuir chun luí agus fuair Richie Hogan cúl iontach chun an buntáiste a thabhairt do Chill Cheannaigh ag dul isteach ag an mbriseadh. Bhí sé sin an-dhian ar Luimneach, chun cúl a ghéilleadh ag an am sin. Thóg Richie é go maith áfach agus d'úsaid sé a neart chun stróicadh tríd cosaint Luimnigh. 



Ag caint ar an réiteoir James McGrath, cheap mé go raibh an ceart aige nár loit sé an cluiche le an iomarca pucanna saor ach fuair sé roinnt rud mícheart. Bhí sé de cheart aige Donal Ó Grady a chuir den bpáirc tar éis Richie Power a tharraingt chun talamh. Bhí sé deacair a rá an raibh sé lastigh den bhosca ach ceapaim mé féin go raibh Richie ach ní raibh Donal. Bhí roinnt rud eile chomh maith (Shefflin sa bhosca etc.) ach níl aon paointe a bheith ag caint ar rudaí mar sin anois. 

An rud is tabhachtaí faoin gcluiche seo agus an difríocht idir an dhá foireann ná go raibh Cill Cheannaigh ábalta an líontán a bhaint amach agus theip ar Luimneach é sin a dhéanamh. Thainig an tarna cúl díreach ag an nóiméid ceart do Cill Cheannaigh mar bhí Luimneach tar éis an móiminteam a fháilt ar ais ag an bpaointe sin. Bhí brón orm gur chaill Luimneach go háirithe tar éis Seamus Hickey an agallamh chomh mothúchanach  sin a dhéanamh ach i ndáiríre, bhí an mheas agam ar leaids Cill Cheannaigh tar éis an cluiche chomh maith. Tá na pocaí acu trom le boinn ach nuair a shéid James McGrath an feadóg dheireadh an lá faoi dheireadh bhíodar chomh sásta, cheapfeá go rabhadhar tar éis dul deich mblian ó bhuadar Craobh na hEireann. 

An céad ceist eile ná an bhfuil siad maith go leor chun Craobh na hÉireann a bhuacaint. Bheadh sé amadach nó a rá. Beidh Brian Cody an-shásta mar bhuadar an cluiche crua sin gan imirt don seachtó nóiméid. Ceist eile ná an bhfuil siad ábalta an seachtó nóiméid a imirt? Cíthimíd is dócha!

No comments:

Post a Comment