Tuesday 25 February 2014

Roinn 1B - Roinn Éasca??

Bíonn smaoineamh ag daoine go bhfuil Roinn 1B ró-easca agus rudaí mar sin. Ach, bheinn buartha dá mbeinn Corcaigh nó Luimneach mar is léir nách stról sa pháirc é an roinn seo. 

Tá léirmheas ar an gcluiche idir Corcaigh agus Laoise anseo

Bhí dhá chluiche suimúla ar súil ar an Domhnach chomh maith. Rinne Brian Whelehan seacht athrú ar foireann Uibh Fháilí ón gcluiche idir iad féin agus Laoise sa chéad babhta. Ach lastigh do chúig nóimid bhí thrí paointe ar chlár an scóir ag Loch Gorman gan aon rud ó Uibh Fháilí. D'usáid Lee Chin an spás go héifeachtach agus thánaig cúl ó Ian Byrne chun bearna mór a chuir idir na foirne. Tháinig Uibh Fháilí ar ais sa chliche agus bain siad úsáid as iománaíocht talaimhe deas chun ceithre chúilín a chuir idir eatarthu. Le cúl ó Joe Bergin, bhí rudaí ag dul i bfheabhas d'Uibh Fháilí agus chosain siad go maith chun cúl eile a sheacaint ó Loch Gorman déanach sa chéad leath. Chuaigh Uibh Fháilí isteach ag leath ama chun cinn ar Loch Gorman ach níor ghéill Loch Gorman agus le cúl gleoite ó Liam Óg McGovern sa 56ú nóiméad chuir sé bearna idir na foirne arís. Chríochnaigh Gary Moore agus Paul Morris Uibh Fháilí le paointe an duine. Fágann sé sin Uibh Fháilí le dhá caillúint lastigh do dhá seachtain agus ag bun Roinn 1B. Beidh siad ag súil le fhilleadh Shane Dooley comh luath agus is féidir, cinnte. 

Lee Chin ag feidhmiú go maith do Loch Gorman
Droch scéal a bhí ann do Chorcaioch, mé féin san áireamh, idir Aontroim agus Luimneach, le muintir Luimnigh ag déanamh scrois ar clár an scóir i mBaile an Chaistil. Is dóigh liom go mbeidh an difríocht scórála rí-thabhachtach san roinn seo agus le trí chúl sa tarna leath, dhein siad an roinn níos éasca dóibh féin. 

Imirt tapaidh idir Luimneach agus Aontroime

Faoi láthair seasann an tábla mar seo: 










Mar sin, cad a cheapann sibh? An comhair go mbeadh Luimneach nó Corcaigh buartha? An bhfuil Loch Gorman maith go leor chun an roinn seo a buachaint amach? Féachann sé mar sin faoi láthair ach tá tamall fada le dul fós. GRMA!

Foclóir
  • Is léir nách stról sa pháirc é an roinn seo = It's clear that this division is no walk in the park 
  • léirmheas = assessment
  • iománaíocht talaimhe = ground hurling
  • Chosain siad go maith = they defended well 
  • fhilleadh Shane Dooley = return of Shane Dooley
  • comh luath agus is féidir = as soon as possible
  • cinnte =certainly
  • Droch scéal = Bad news
  • ag déanamh scrois = Doing wreck
  • difríocht scórála = scoring difference
  • rí-thabhachtach = vital
  • An comhair go mbeadh Luimneach nó Corcaigh buartha? = Should Cork and Limerick be worried?




No comments:

Post a Comment