Friday 21 February 2014

Corn Mhic Shigúir, Nash agus Babtha 2 don tSraith Náisúinta

Amárach, imreoidh UCC a cúigú craobh Mhic Shigúir faoi stúir Billy Morgan. Fiú amháin nuair nách raibh ach trí dhuine dhéag ag Ollscoil Chorcaí bhí cúig chúilín sa bhreis acu ar NUIG Maigh Nuad in Ollscoil na Banríona um thráthnóna. Agus é ag chicéail isteach sa ghaoth láidir,  is é Conor Cox ó Chiarraí an laoch dos na buatóirí, leis na seacht bpaointe (3 ón imirt, 4 ó chic saor) a chuir sé thar an trasnáin le linn an cluiche. Cuireadh Alan Cronin agus Michael Quinlivan den pháirc, Cronin go luath sa dara leath agus Quinlivan tar éis caoga nóiméid. Ach fiú amháin leis na corrlach ina gcoinne, chríochnaigh UCC go láidir le trí chúilín gan freagra san am cúitimh gortaithe. Is féidir na buaicphaointí a fheiscint anseo 

Billy Morgan fós an-tógtha le pheil!
San cluiche leath chroabh eile, casfadh UUJ ar UCC sa chraobh amárach tar éis bua cuimsitheach ar UCD in aimsir gránna. D'aimsigh UUJ 1-7 gan aon scóir ó UCD sa chéad 18 nóiméid, an chúil ag teacht ó bhróg Jamie Clarke, réalt Ard Mhaca. San chéad nóiméad is fiche, fuair Paul Mannion (Baile Átha Cliath) an chéad chúilín do UCD ach chríochnaigh UUJ go láidir sa chéad leath le clár an scór ag léamh 1-10 go dtí 0-2 ag leath am. Bhí an ghaoth leis na Baile Atha Chliathaigh sa dara leath ach bhí na cúlaithe ó UUJ ró-mhaith agus fiú amháin gur chiall siad Jamie Clarke ó cárta dubh níor raibh aon baol ann mar go raibh siad ocht paointe chun cinn. Chríochnaigh sé 1-12 go dtí 0-07. An mbeidh UCC ábala tús a chur le pleananna an dúbail amárach? Cífimid! 
Jamie Clarke - Imreoir tabhachtach do UUJ
Tá an CLG tar éis rún an 'Nash Rule' a bhaint ó chláir an Comhdháil Bhliantúil anocht. Tá an méid sin cainte faoi Nash le cúple mí anuas agus an slí ina thógann sé na pucanna saor bhí ionadh orm é sin a cloisint. Mar a dúirt Patrick Horgan, má dhéanann an foireann eile calaois, ba chomhair go mbeadh pínós ann agus má caithfá an puc saor a thógaint ón 20, ní bheidh mórán cúl ó liathróid marbh agus chomh maith le sin, beidh cúlaithe ag tarraingt tosaithe síos i bhfad níos cóngraí don chúl. Tháinig Cathaoirlaoch Bord Contae Tiobraid Árann, Séan Nuegant amach i gcoinne an rún ag rá “We shouldn’t penalise players who have worked hard to perfect this skill,”  le Bord Contae Luimnigh ag aontú. Cad a cheapann sibhse? Fág bhúr tuairimí thíos. Is feidir na rúin is tabhachtaí a fheiscint anseo
Nash leis an buille láidir 
Ag caint ar Nash, ní bheidh sé mar uimhir a haon do Chorcaigh óiche Dé Sathrain i gcoinne Laoise. Tá foireann bainistaíochta Jimmy Barry Murphy tar éis dul le foireann gan mórán taithí i ngeansaí Chorcaí ach le go leor i ngeansaí UCC. D'aithin JBM agus na leaids cé comh maith agus a bhí Colm Spillane, Séamus Harnedy agus Darren McCarthy do UCC agus tosnaíonn an trúir i babhta a dó don tsraith, le Harnedy ar ais ó gortúchán. Beidh mé ag súil le bua maith an chéad lá eile ach b'fhéidir nách mbeidh sé comh éasca agus a cheapann daoine áirithe. Tá Laois ag dul go maith le cúpla blain anuas agus beidh siad ar bís tar éis an bua stairúil ar Uibh Fhailli an deireadh seachtainne seo chaite. Is é an foireann Chorcaí a bheidh ag tosnú amárach ná
  1. Darren Mc Carthy (Baile an Mhairtealaigh)
  2. Shane O’Neill (Baile an Easpaigh)                        
  3. Stephen McDonnell (Fánaithe an Ghleanna)
  4. Colm Spillane (Caisleán Ó Liatháin)                           
  5. Mark Ellis (Sráid an Mhuilinn)                       
  6. Christopher Joyce (Na Piarsaigh)                               
  7. William Egan (Cill Bhroin)
  8. Lorcan McLoughlin (Ceann Toirc)                                     
  9. Paul Haughney (Mainistir na Corann)        
  10. Seamus Harnedy (Naomh Íde)                
  11. Jamie Coughlan (Baile Nua Seandroma)                      
  12. Michael O’Sullivan (Mainistir Bán)                                    
  13. Alan Cadogan (Dúglas)       
  14. Patrick Cronin (Baile an Easpaigh)           
  15. Patrick Horgan (Fánaithe an Ghleanna)
Is é cluiche seo an taon cheann ar súil Dé Sathairn, mar sin beidh mé ag scríobh faoi na cluichí eile sa tsraith oíche amárach. 

Darren McCarthy le bútaisí móra le líonadh ar an Satharn

Agus roimh imeacht, féach ar seo, bhaineas an-taithneamh as! An aontófá? 
Oíche Mhaith!

Foclóir
  • faoi stúir Billy Morgan = under the reign of Billy Morgan
  • Cuireadh Alan Cronin agus Michael Quinlivan den pháirc = A.C and M.Q were sent off
  • corrlach ina gcoinne = the odds against them
  • gan freagra san am cúitimh gortaithe = Without response in injury time
  • buaicphaointí = highlights
  • casfadh UUJ ar UCC sa chraobh amárach tar éis bua cuimsitheach ar UCD in aimsir gránna = UUJ will meet UCC in the final tomorrow after a good win over UCD in bad weather conditions
  • D'aimsigh UUJ 1-7 gan aon scóir ó UCD = UUJ had 1-7 before any response from UCD
  • ó bhróg Jamie Clarke = From the boot of Jamie Clarke
  • clár an scór = Scoreboard
  • Baile Atha Chliathaigh = Dubs
  • baol = risk
  • tús a chur le pleananna an dúbail amárach = put a start to their double plans
  • Cífimid = We'll see
  • rún = motion
  • Comhdháil Bhliantúil = Annual Congress
  • calaois = foul
  • ba chomhair go mbeadh pínós ann = They should be penalized
  • ón 20 = from the 20
  • liathróid marbh = dead ball
  • Cathaoirlaoch Bord Contae Tiobraid Árann = Chairman of Tipperary County Board
  • Bord Contae Luimnigh = Limerick County Board
  • tosnaíonn an trúir i babhta a dó don tsraith = the three start in round 2 of the league
  • gortúchán = injury
  • daoine áirithe = certain people
  • Bútaisí móra le líonadh = big boots to fill
  • An aontófá? =  Would you agree?


No comments:

Post a Comment